25.10.11

Ná bailigh ór ná seoda...

Luaigh mé dán a chuaigh go mór i bhfeidhm orm le déanaí ag ócáid litríochta a reachtáladh san ollscoil do Lá Eorpach na dTeangacha. Dán Sualainnise a bhí ann, le file darbh ainm Edith Södergran (1892-1923), nach raibh ach 31 nuair a fuair sí bás de dheasca tuberculosis. Gheall mé daoibh an lá sin go ndéanfainn iarracht an dán a aistriú go Gaeilge (cé nach aistritheoir mé ar chor ar bith), agus mar sin, seo daoibh é.

Sílim go bhfuil na focail an-oiriúnach don lá atá inniu ann, le hagóidí ar siúl ó Wall St go hAthens. Níl meadaracht daingean ar an mbundán, agus de réir mar a chuimním léamh an dáin ón oíche sin níl mórán ríme ann ach oiread. Rinne mé fhéin iarracht rím a chur ann, áfach. Dála an scéil, cé gur léadh leagan Béarla don dán san ollscoil, níl sé le fáil ar an idirlíon, agus táim ag brath ar Google Translate chun sainbhrí an dáin a thuiscint. Bheinn buíoch díbh dá ndéanfaidís coigeartú ar bhotúin san aistriúchán. Táim cinnte go bhfuil siad ann.


Ná Bailigh Ór ná Seoda

A chara,
Ná bailigh ór ná seoda.
Líon do chroí le mianta
ar nós tine te móna.

Goid rúibíní ó shúile na n-aingeal,
Slog siar uisce an diabhail, le meangadh.

A chara, ná híoc puinn cánach,
carn mór airgid ar son na n-uaisle,
Beidh tú go deo id' spailpín fánach
is lucht an rachmais riamh in uachtar.

Cothaigh do leanaí le háilleacht, le haoibhneas, le maitheas,
Beathaigh do leanaí le fórsa a bhrisfeadh geataí na bhflaitheas.




Samlen Icke Guld och Ädelstenar

Människor,
samlen icke guld och ädelstenar:
fyllen edra hjärtan med längtan,
som bränner likt glödande kol.
Stjälen rubiner ur änglarnas blick,
dricken kallt vatten ur djävulens pöl.
Människor, samlen icke skatter
som göra er till tiggare;
samlen rikedomar
som giva er konungamakt.
Skänken edra barn en skönhet
den människoögon ej sett,
skänken edra barn en kraft
att bryta himlens portar upp.

8 comments:

  1. GRMA as an dán a chur ar ár súile dúinn - agus jab breá déanta agat féin.

    Rith an dán chugam i rith an lae inniu agus mé i lár na cathrach. Dá laghad an ráchairt ar dhán dá leithéid is ea is mó atá gá leis.

    ReplyDelete
  2. An-mholadh go deo. Go raibh maith ag an mbeirt agaibh.

    ReplyDelete
  3. Tá an leagan Gaeilge an-éasca a léamh. Tá ceist agam maidir leis an líne “samlen icke skatter” vis-à-vis an líne “samlen icke guld och ädelstenar”. Is ionann “samlen” agus “cruinnígí”. Agus ciallaíonn “skatter” stór/saibhreas chomh maith le cáin. Feictear dom go ndeachaigh tú ar strae (le sonc ó lucht Occupy?) beagáinín ó bhunchiall na línte seo:

    Människor, samlen icke skatter
    som göra er till tiggare;
    samlen rikedomar
    som giva er konungamakt.


    A dhaoine, ná cruinnígí maoin
    a dhéanfas bacach díobh;
    cruinnígí saibhreas
    a thabharfas bhur ríocht daoibh.

    Rud eile: an féidir botún a “choirgeartú”? Más botún atá ann, ní mór rud éigin eile a chur ina áit, ní “adjustment” a dhéanamh.

    ReplyDelete
  4. an-oiriúnach do shaol an lae inniu ann. maithú.

    ReplyDelete
  5. Ní rabhas 100% cinnte faoin gcuid sin, a Dennis! Bhí sé deacair é a thuiscint ón aistriú le Google Translate. Caithfidh mé breathnú ar arís. GRMA as an nod.

    ReplyDelete
  6. Nuair a bhaineann tú úsáid as Google Translate, is féidir cliceáil ar fhocal nó ar abairt sa leagan sa sprioctheanga (.i. an t-aistriúchán). Feicfidh tú an giota sin i ndath buí, agus tabharfar rogha duit: Click for alternate translations. Is fiú go minic súil a thabhairt ar na leaganacha malartacha seo.

    ReplyDelete
  7. Ahhh, go raibh maith agat a Dennis. Cabhróidh sé sin go mór liom.

    ReplyDelete