17.1.12

An Bhéasaíocht, de réir na bhFrancach

Bím ag freastal ar rang Fraincíse san ollscoil gach seachtain, ach ní an teanga amháin a bhíonn ar fhoghlaim againn. Cuireann an múinteoir, bean deas de Nimes, béim ar chultúr na tíre sin chomh maith. Dhírigh sí isteach ar bhéasaíocht na bhFrancach ó thaobh béilte de le gairid. So, conas a d'éireodh libh dá dtabharfaí cuireadh duit chuig cóisir dinnéir sa Fhrainc...?

A) Deirtear 'a hocht a chlog' ar an gcuireadh? Cén t-am is fearr duit an teach a shroichint?

B) Ba mhaith leat bronntanas a thabhairt d'fhear agus bean an tí. Cad a thógfá leat?

C) Tógann tú bláthanna. Cad é an t-aon chineál blátha nach bhfuil ceadaithe de réir na rialacha?!

D) Is fear thú. Buaileann tú le bean ag an mbéile nach bhfuil aithne agat uirthi. Ar chóir d'fhear an tí (i) tusa a chur in aithne di, nó (ii) sise a chur in aithne duit, ar dtús?

Freagraí thíos...


Freagraí
A) 8.15. Tugtar 'le quart d'heure de politesse' air. Ciallaíonn sé sin go mbeidh am ag bean an tí í féin a shocrú i gceart sula dtagann na cuairteoirí.
B) Seacláidí, bláthanna, cáis... Ach NÍOR chóir duit fíon a thabhairt dóibh, toisc go mbeadh brú ar fhear an tí an buidéal a oscailt i rith an bhéile, rud a chuirfeadh isteach ar a phlean fíona féin!
C) Chrysanthemum. Is don reilig amháin na bláthanna sin!
D) (ii) Cuireann tá mná in aithne d'fhir, agus daoine óga in aithne do dhaoine aosta, ar dtús.

6 comments:

  1. Sa Ghearmáin


    N'fheadar faoi A). Bí ann roimh 20:15 an riail sílim.

    B) N'fheadar. Fíon ceadaithe go bhfios dom. Bláthanna coitianta.

    C) Fíor freisin.

    D) Hmm...

    ReplyDelete
  2. B'fhearr dom cóisir dinnéir leis na Gearmánaigh mar sin. Ach, faraor, is fearr liom bia na bhFrancach!

    ReplyDelete
  3. Tá réimse fairsing bia ag na Gearmánaigh freisin. Ach gach cine san Eoraip, dáiríre, seachas muide ar na hoileáin seo.

    ReplyDelete
  4. Tá an ceart agat, faraor. Ach ná déan dearmad faoi "phionta Guinness agus mála Taytos". An 'béile' is fearr riamh ;)

    ReplyDelete
  5. Is breá liom rialacha mar seo... iad a chíoradh agus a phlé agus a thrasnú! ;-)

    Anois, a leathbhreac abhus anseo in Seattle:

    A) Ag an am atá luaite nó beagán ina dhiaidh.

    B) Fíon! Ní bhíonn brú ar fhear an tí an buidéal sin a oscailt. Ach is minic i measc mo chuid cairde féin a bhíonn a fhios acu roimh ré céard a bheas ar an mbord agus tig leo fíon a roghnú dá réir sin.

    Ar an láimh eile, bheadh sé níos fearr GAN bláthanna a thabhairt leat. Beidh ar an óstach chuile rud a stad agus an bláthchuach ceart a aimsiú, etc.

    ReplyDelete
  6. Dúirt an múinteoir linn go mbeadh cead agat buidéal fíona a thabhairt dóibh má's buidéal speisialta (costasach!) é. Sa chás sin, déarfá le fear/bean an tí: "Tá an buidéal seo dod' shiléar", ionas go gcoimeádfaidís dóibh féin é.

    Níor chreid mé go mbeadh daoine chomh dian sin ó thaobh na béasaíochta de sa lá atá inniu, ach is cosúil go bhfuil. Is bean fíor-thraidisiúnta í. Ach d'admhaigh sí nach mbeadh siad chomh dian sin i measc an aosa óig.

    ReplyDelete