4.1.12

RTÉ 2 Inniu

Seo daoibh sceideal iomlán an lae inniu ar RTÉ 2. Seachas an Nuacht agus 'Roy' (agus B'FHÉIDIR ceann nó dhó dos na cláracha do pháistí) níl clár Éireannach AR BITH eile sa sceideal. Sea, ar an dara stáisiúin náisiúnta inniu ní raibh clár ar bith ar aer idir 17.30 - 23.05 a déanadh in Éirinn. In ainm Dé, an bhfuil muid ag íoc as ceadúnas teilifíse don tseafóid seo...? Agus an cacamas seo ar fad á chraoladh acu nuair atá RTÉ ag 'céiliúradh' 50 bliain ar aer. A leithéid de chruthaitheacht agus neamhspleáchas.

06.00 Children's Shows 
09.15 Scannán: Barbie in a Mermaid Tale - Meiriceánach
10.30 Children's Shows
14.20 ThunderCats - Cartúin Meiriceánach
14.45 Scannán: Beethoven's Big Break - Meiriceánach
16.30 Matt Hatter Chronicles - Meiriceánach
16.55 Roy - Éireannach
17.30 True Jackson, VP - Meiriceánach
18.00 Neighbours - Astráileach
18.30 The Simpsons - Meiriceánach
19.00 Masterchef Goes Large - Sasanach
19.40 Masterchef Goes Large - Sasanach
20.50 Only Fools and Horses - Sasanach
21.20 CSI: Miami - Meiriceánach
22.15 CSI: Crime Scene Investigation - Meiriceánach
23.05 News; Weather - Éireannach
23.35 La Vie En Rose - Francach
02.00 Mad Love - Meiriceánach
02.25 The Big Bang Theory - Meiriceánach
02.45-6.00 News; Weather - Éireannach

4 comments:

  1. Is cosúil go mbeidh Dé hAoine níos measa fós. Ní bheidh an Nuacht ar aer an oíche sin, so mar sin ní bheidh ach 35 nóim Éireannach á chraoladh acu. Athchraoladh do 'Roy'!

    ReplyDelete
  2. Bocht an scéal agus na scéalta! Caith súil ar ár mblag-na leis an gcuid is fearr den tsúil Éireannach ar chúrsaí na cruinne a fheiscint! (nasc chomh maith más mian leat!)

    ReplyDelete
  3. Bhí mise iontach sásta breathnú ar Edith Piaf

    ReplyDelete
  4. GRMA a Chogair. Cuirfidh mé le mo bhlagrolla é.

    @ Edith Piaf - sea bhaineas sult as an scannán sin freisin. Agus an scannán sin faoi Shirley Bassey a chraolaigh an BBC anuraidh.

    ReplyDelete