11.1.12

Úrscéalta Úra

Fuair mé na leabhair seo don Nollaig ó dhaoine éagsúla, agus tá sé mar phríomhchuspóir agam iad a léamh go luath sula mbrúnn an téarma nua ollscoile - agus na leabhair móra troma agus na haltanna acadúla leadránacha a bhaineann leis - anuas orm.


Tá an leabhar sa lár léite agam cheana féin - nach deas é an focal 'sólás'? Léigh mé go sciopaí é in ainneoin nár thaitin sé ar dtús liom, ach choinnigh mé leis toisc go raibh beirt eile dom' theaghlach á léamh ag an am céanna agus bhíos ag iarraidh é a phlé leo. Cheapas go raibh na carachtair ró-nua-aimseartha dom, abair, go raibh a saolta ruainín beag ró-sofaisticiúil. Ach i ndiaidh dom leathchéad leathanach a léamh, thit mé i ngrá leis an leabhar, gan fhios dom, de réir mar a chuaigh mé i dtaithí ar na príomhcharachtair. 

Tá ard-scil ag an údar Belinda McKeown - 'sé a chéad úrscéal, cé go bhfuil go leor taithí aici mar iriseoir - comhrá a scríobh go nádúrtha, meascán de chanúint Longfoirt agus nathanna cainte an nua-shaoil. Agus ba bhreá liom an bealach inar roinn sí an scéal idir an chaint agus na smaointe a rith leis in intinní na gcainteoirí, gur léirigh sí smaointe rúnda neamhlabhartha na gcarachtar linn. Cheapas freisin gur chuir sí síos ar shaol na tuaithe sa lá atá inniu ann ar bhealach a bhí réalaíoch, inaitheanta, nach raibh rómánsúil ná ag brath ar shean-chlíséanna.

Ach b'fhéidir ag deireadh an lae gur chuir an leabhar seo go mór i bhfeidhm orm mar gur ionannaigh mé leis an bpríomhcharactar Mark, atá ina mhac léinn, ag streachailt lena PhD, agus é beagnach tríocha! 

3 comments:

  1. Fuaireas the Cats table freisin. Níl sé léite agam go fóillín

    Ní raibh na dá leabhar eile cloiste agam ach beidh Sólás á lorg agam tar éis do thuairim a léamh.

    Cur muid ar an eolas faoin tríú leabhar ansin, ní féidir liom an teideal a dhéanamh amach

    ReplyDelete
  2. Chuireas tús leis an Cat's Table aréir, a Néidí. So, má tá suim agat cineáilín club léitheoireachta fíorúil a chruthú anseo, agus má tá am agat é a léamh, d'fhéadfaimís an leabhar a phlé ar-líne amach anseo. I gceann míosa, nó mar sin...?

    'Sé The Sense of an Ending, le Julian Barnes, an tríú leabhar sa phictiúr. Bhain sé duais an Man Booker amach anuraidh. Tá sé in ainm is a bheith an-mhaith.

    ReplyDelete