Chruthaigh mé taispeántas beag le déanaí, i leabharlann na hollscoile, ar scríbhneoireacht na dteangacha Ceilteacha thar na cianta. Bhaineas úsáid as cartlann na leabharlainne agus a bailiúchán de shean-leabhair Bhreatnaise agus Ghaeilge, chun athruithe sa bhealach inar scríobhadh na teangacha sin - ón ogham ar aghaidh - a léiriú.
Agus fuair mé go leor cabhair ó Dennis, a bhíonn ag scríobh go rialta faoi nótaí imill na lámhscríbhinní Gaelacha, chomh maith le go leor ábhar eile, ar a bhlag iontach. Tá súil agam go bhfuil an cur síos gairid ar scríbhneoireacht na manach cóir agus cruinn, a Dennis. Ar aon chaoi, seo daoibh an leagan Béarla/Breatnais don taispeántas.
Subscribe to:
Post Comments (Atom)
Go deas. Ach nach ar an aibítir rómhánach atá Ogham bunaithe?
ReplyDeleteDe réir Wikipedia, níl siad cinnte faoi sin. Ach, bheadh freagra ag Dennis gan amhras. Ach tuigim do chás. Is dócha go rabhas ag iarraidh comparáid a dhéanamh idir na seanscríbhinní Gaelacha/Breatnacha - agus na bealaí éagsúla a cuireadh ar pháipéar é - agus an aibítir fhoirmeálta Rómhánach a fheictear i leabhair agus ar scáileáin sa lá atá inniu ann. So, cé go raibh an sean-chló Gaelach agus Coelbren y Beirdd na Breatnaise bunaithe ar litreacha ón aibítir Rómhánach, mar shampla, ní aithneofaí é sin in aice le cló an lae inniu.
ReplyDeleteBhuel, táim cineál amhrasach faoi Wikipedia mar fhoinse!
ReplyDeleteAch, ag caint ar foinsí, sean ceann maith:
http://www.scribhinn.org/
GRMA a Aonghus. Is breá liom na samplaí éagsúla den sean-chló ansin.
ReplyDeleteAn-jab, John!
ReplyDeleteAna-chuid eolais i dtaispeántas beag dea-eagraithe. Comhghairdeachas.
ReplyDelete@ Aonghus, gora míle as an nasc.
Go raibh maith agaibh, a fheara.
ReplyDelete