28.2.12

Focail ghaolmhara sa rang

Dhá fhocal gaolmhar idir an Bhreatnais agus an Ghaeilge ar bhalla rang scoile a thaitin liom le déanaí...



LL i gcóir Llong (long), a bhí agam cheana.

Agus N i gcóir Neidr (neathair nimhe s'againne).

Agus Mam bhocht sáite i lár baoill.

Ar ndóigh is litir ar leith é LL sa Bhreatnais. Mar shampla, cuirtear an dá litir isteach in aon bhosca amháin i gcrosfhocail, agus tá tíleanna ar fáil sa leagan Breatnaise den chluiche Scrabble ar a bhfuil an dá litir scríofa. Tarlaíonn an rud céanna le CH, DD, FF, NG, RH agus TH freisin.


Ag caint faoi RH, cuireann sé mearbhall ar mo mhic léinn nach féidir séimhiú a chur ar R, agus 'rhith mé' a scríobh san aimsir chaite, mar shampla. Bíonn sé chomh nádúrtha sin é a dhéanamh sa Bhreatnais. Faraor, ní hé sin an t-aon rud faoin nGaeilge a chuireann mearbhall orthu.

6 comments:

  1. Cineáilín cosúil le 'CHL' na Gaeilge. Fuaimníonn sé ar nós cait ag siosarnaigh.

    Brúigh do theanga i gcoinne d'fhiacla agus déan iarracht Shhhhh a rá. Scaoil an fhuaim amach as taobh do bhéil. Beidh an fhuaim cheart agat ansin!

    ReplyDelete
  2. @ ní hé sin an t-aon rud faoin nGaeilge a chuireann mearbhall orthu.

    Tuigim a gcás, ó am go chéile..:-)

    ReplyDelete
  3. A Áine!!! Deas thú a léamh anseo arís! Airím do rámhaillí go mór uaim. Conas atá an saol leat, a chroí?

    ReplyDelete
  4. @ Conas atá an saol leat, a chroí?

    Ceart go leor, a chara. Súil agam bheith ar ais an an mblagfhód roimh dheireadh na bliana..:-)

    ReplyDelete
  5. Ahhh, deas é sin a chloisteáil. Tá súil agam go mbeidh neart deascéalta le hinsint agat.

    ReplyDelete