6.2.12

Ómós an Uachtaráin

Inniu, lá comórtha 60 bliain do réimeas Éilís, cloisfear go leor tráchtanna dearfacha ar an mbanríon aosta. Agus tuige nach gcloisfear? Fiú, sa Bhreatain Bheag, tá ardmheas ag an ngnáth-duine uirthi, ar a spiorad agus ar a diongbháilteacht ó thaobh cúraimí a róil de. Mothaím go bhfuil tuilleadh measa uirthi sa mbaile freisin, tar éis an chuairt stairiúil anuraidh. Fiú muna dtaitníonn an mhonarcacht leat - agus admhaím nach dtaitníonn sé liomsa - ní mór duit an bhean 85 bliain d'aois seo a mholadh as ucht a dínite.


Chuir an cluiche rugbaí inné i gcuimhne dom, áfach, buntáistí ár gcórais féin an ceann stáit a cheapadh. Admhaím go raibh cuma cineáilín greannmhar ar Mhichael D beag agus é i mbun fáilte a chur roimh fhathaigh foireann na Breataine Bige, ach i ngan fhios dom féin líon mo chroí le bród nuair a chonaic mé straois ár n-uachtaráin nua ar an scáileán mór sa phub - seans go raibh an iomarca beora ólta agam ag an uair! Seo duine aosta, maorga, diongbháilte eile, ach le cruthaitheacht, fuinneamh is fís. Go mairfidh a straois :)

No comments:

Post a Comment