15.3.12

Coirnéal beag Pháras i gCuan Chaerdydd


Nach álainn an foirgneamh seo thuas? Is é an Malartán Guail atá suite i seancheantar chuan Chaerdydd, agus cuireann sé sráideanna geala Pháras i gcuimhne dom (go háirithe ar lá deas grianmhar mar seo). Tógadh é sna 1880aidí nuair a bhí an chathair agus a caladh i mbarr a réime. Ba í Caerdydd an caladh ba ghnóthaí ar domhan an uair sin, mar gheall ar thionscal an ghuail. Scríobhadh an chéad seic riamh ar luach £1,000,000 ann sa bhliain 1901 ag rialtas Mheiriceá chun na mílte tonna guail a cheannach dá chabhlach. Ba ionad trádála domhanda é an uair sin, an áit inar socraíodh praghas an ghuail go hidirnáisiúnta. Faraor, tháinig meath ar an tionscal sin sa Bhreatain i lár an chéid seo caite, agus dúnadh an Malartán Guail sa bhliain 1958. Cuireadh deireadh le heasportáil an ghuail ón gcaladh sé bliana ina dhiaidh. 

Is ionad siamsaíochta é sa lá atá inniu ann, agus bíonn suas le 1,000 duine ann go minic ag breathnú ar cheolchoirmeacha, drámaí agus taispeántaisí. Úsáidtear an foirgneamh seo agus na seanshráideanna mór timpeall air i dtionscal na scannánaíochta, agus bíonn drámaí - Dr Who agus Torchwood ina measc - á dtaifeadadh ann go fíor-mhinic. De dheasca an meatha ghinearálta i gceantar an chuain, níor forbraíodh an áit thar na blianta, agus is féidir saol an chéid seo caite a athchruthú ann go simplí.

1 comment:

  1. De dheasca an meatha ghinearálta i gceantar an chuain, níor forbraíodh an áit thar na blianta

    Deirtear go bhfuil a lán seanfhoirgnimh áille i bPortland (Oregon) inniu toisc nach raibh aon airgead ar fáil len iad a leagadh agus a atógáil ar feadh i bhfad. Nuair a tháinig an t-airgead ar ais, bhí meon nua “preservationist” ann.

    ReplyDelete