Thaitin an lógó seo liom ar veain a bhí pairceáilte sa chathair le déanaí. Comhlacht soilsithe atá ann, a bhíonn - is cosúil - ag déanamh gnó ar fud na hEorpa. Cé go mbíonn tíortha in úsáid go minic san fhograíocht - dhá shampla thíos - ní fhaca mé riamh cruth na mór-roinne á úsáid mar sin. Ní hé go bhfuil an sampla seo ró-ealaíonta, agus tá an-chuid tíortha in easnamh ann - an leath thoir den mhór-roinn agus na tíortha Lochlannacha ina measc, ach is deas an dearadh é. Agus ar leibhéal an tsiombalachais, cuireann sé i gcuimhne dom gur fhás an tsibhialtacht Eorpach faoi mar a thuigimid inniu é ón nGréig ó thús. Sna laethanta seo, agus an Ghréig go mór i mbéal an phobail ar ábhair thromchúiseacha agus na Gréigigh á cháineadh sa Ghearmáin, mar shampla, faoina 'leisce', is fiú cuimhneamh go bhfuil an tír sin i lár na hEorpa agus ní ar a himeall.
Éire í féin ag tiomáint go sona sásta. |
Cruth na hAifrice curtha go héifeachtach ar fhógra Live 8. |
An Cat Mara ag tiomáint?
ReplyDeleteCaithim a admháil go bhfuil cuma aisteach ar 'ghéag' an Chláir!
ReplyDelete