24.10.12

An R-fhocal

Cruthaíodh conspóid inné nuair a ghlaoigh an t-iriseoir caomhach Meiriceánach Ann Coulter 'retard' ar an Uachtarán Obama i ndiaidh an tríú díospóireacht idir é féin agus Mitt Romney. "I highly approve of Romney's decision to be kind and gentle to the retard", arsa Coulter ar a cuntas Twitter. Ar ndóigh, is focal maslach é 'retard' sa chomhthéacs seo, focal a thugann drochmheas ar dhaoine atá faoi mhíchumais intleachta, agus focal atá beagnach imithe anois ón dioscúrsa poiblí dá bharr.

Is fiú go mór freagra John Franklin Stephens a léamh ón litir oscailte a scríobh sé chuig Coulter ar an ábhar. Tá siondróm Down ar Stephens, atá 30 bliain d'aois, agus a oibríonn ar son ghluaiseacht na nOilimpicí Speisialta. Tugann an litir, atá scríofa go simplí séimh, léargas dúinn - ó dhuine atá faoi mhíchumas agus a bhíonn ag streachailt le claontacht chuile lá dá shaol - ar an dochar a dhéantar nuair a úsáidtear focail mhaslacha sheanfhaiseanta go leisciúil mar seo.


6 comments:

  1. Chonaic mé é sin, agus píosa eile a scríobh sé ag míniú cad chuige go ngoineann an úsáid úd é.

    Gaois.

    ReplyDelete
  2. Tá a freagra chuici go hálainn

    ReplyDelete
  3. Téann Ann thar fóir uaireanta. Is breá léi geit a bhaint as a naimhde. Sin a 'schtick'.

    ReplyDelete
  4. An bhfaca sibh an shtick thíos?

    http://www.youtube.com/watch?v=2wnPHFSdrME

    Is Críostaithe neamhfhoirfe iad na Giúdaigh mar go bhfuil an Tiomna Nua de dhíth orthu dar léí.

    Shtick = píosa (Stück).

    ReplyDelete
  5. Ó a Mhaighdean Mhuire, tá áthas orm nach mbíonn a leithéid de 'shaineolaithe' ar an teilifís anseo san Eoraip. Bhuel, ní bhíonn go rómhinic ar aon chuma.

    ReplyDelete
  6. An bhfuil an bhean sin i ndáiríre! Osna, osna, osna...:-(

    ReplyDelete