22.4.10

Bainne, Siucra, Teanga...

Fuair me bileog i dTesco inniu faoi chursai Breatainnise i mo cheantar. "Taster Courses" an t-ainm ata orthu, lonnaithe in 18 ionad ar fud na cathrach agus ni chosnaionn siad ach £20 i gcoir cuig rang. Iontach. Is leir go bhfuil bru mor Breatainnis a chur chun cinn sa phriomhchathair. Ta cupla focal ar eolas agam cheana fein.

Mor = Mawr
Glas = Glas
Inis = Ynys

Ni raibh se sin ro-dheacair!

4 comments:

  1. Fáilte isteach.

    An bhfuil do mhéarchlár ag goid na gutaí fada uait? Seans go mbeadh muid in ann sólás agus solas a thabhairt dhuit. Má tá windoze in úsáid agat, ba cheart go mbeadh tú in ann AltGr agus guta a úsáid, fiú i dtír na nGall.

    Dar ndóigh, ach & guta acute ; a scríobh, gan spás, beidh gach guta ar fáil duit i HTML ar an idirlíon.

    ReplyDelete
  2. A Aonghus, a chara, níl taithí agam síntí fada a scríobh ar Mhac. Déanfaidh mé mo dhícheall!

    ReplyDelete
  3. Ach tá siad agat anois!

    Tuigim dhuit, is deacair dul i dtaithí ar chóras nua. Tá Mic mac inár measc, seans go bhfuil nod ag duine acu dhuit.

    Seans go bhfuil nod anseo
    http://www.evertype.com/celtscript/ga-keys-x.html

    ReplyDelete
  4. Níl sé chomh deacair is a cheap mé. Ní gá ach Option & E a bhrú roimh an litir. Ahhhh, tá sé sin níos fearr.

    ReplyDelete