27.4.10

Gol Gaeilge

Mar chuid den PhD, ní mór dom rang Gaeilge a mhúineadh do mhic léinn Breatainise san ollscoil. Is aoibhinn liom an rang agus thaitin an mhúinteoireacht go mór liom... go dtí gur thosaigh cailín sa rang ag caoineadh inniu, bhí sí chomh neirbhíseach faoin scrúdú béil (an tseachtain seo chugainn). Chuimhnigh mé siar ar mo ranganna Ceimice - an ábhar ba leadránaí riamh - agus na deacrachtaí a bhí agam féin cuimhneamh ar na formulae ar fad. Tá staidéar teangan in ainm 's a bheith taitneamhach. An fiú an strus seo ar chor ar bith?

2 comments:

  1. Cuireann do dhathúlacht sceimhle uirthi, ní mór! ;-)
    Tá daoine ann nach miste leo scrúdú ar bith, agus a mhalairt glan duine leis. Is ise an dara sórt, is dócha. Níl an locht ortsa.

    ReplyDelete
  2. Tá daoine ann agus cuireann scrúduithe as go mór dóibh. Is léir go bhfuil sise ar dhuine acu siúd, an créatúr. Níl aon locht ar an múinteoir...:-)

    ReplyDelete