28.4.10

Máire G-Q in aghaidh Arm na Téalainne

Tá iPhone agam agus is breá liom é. Tá go leor leor apps agam, idir cluichí agus nuachtáin, agus bíonn difríochtaí móra idir a stíleanna ar fad. Tóg app an Irish Times mar shampla. Stíl bunúsach air leis na cinnlíntí is déanaí a liostáil, i comparáid le happ an Ghuardian, a bhíonn clúdaithe le pictiúirí.




Ach is cuma faoin stíl muna oibríonn an app i gceart. Bíonn fadhbanna go minic ag an Irish Times an pictiúr ceart a lódáil. Tuigim go bhfuil brú mór ar Mháire Geoghagan-Quinn bhocht - ach ní raibh fhios agam gur scaip an scéal go hidirnáisiúnta!

Ní hamháin an Irish Times a bhíonn mall lena n-apps. Chonaic mé an leathanach seo ar app an Ghuardian i ndiaidh an crith talún sa tSile. Is léir go raibh deifir mór ar an dearthóir, ach d'fhéadfaí bheith i bhfad níos mothálaí i ndiaidh tubaiste chomh mór sin.

7 comments:

  1. Tá fadhb éigin leis na híomhánna, John.

    Ní fheicim faic, agus tá URL aisteach ann nuair a bhuailim orthu.

    Bíonn ort an cnaipe le pictúir de phictúir a úsáid, agus an pictúir a ualódáil má tá fút é chuir le do bhlag.

    ReplyDelete
  2. GRMA, a Aonghas, táim fós ag foghlaim córas casta blogspot. Ba chóir go mbeadh sé i gceart agam anois.

    ReplyDelete
  3. Tá! Sin an fáth gur féidir le seanfhondúir cosúil liomsa cabhrú leat.

    ReplyDelete
  4. Níl. Caithfidh mé é a cheannach. Tá app Irish Word of the Day agam, ach níl mórán maitheasa ann. An-bhunúsach. Bhí app eile "focal an lae" ag mo chara agus lá amháin tugadh an phrása "an tsine siain" nó "uvula" dó. In ainm Dé, cé a bheadh á úsáid?!!!

    ReplyDelete
  5. Is teangeolaí tusa. Nach mbeadh an téarma “uvular r” úsáideach duitse?
    ;-)

    ReplyDelete
  6. Ní dóigh liom go n-aithníonn MGQ warning shots...:-)

    ReplyDelete