29.4.10

Inniu Dé Céadaoin. Lá fliuch atá ann :(

Bhí fhios agam go dtarlódh sé. I ndiaidh trí seachtaine grianmhara a chaitheamh i gCardiff, tháinig an bháisteach inniu. Dúradh liom go raibh aimsir na Breataine Bige díreach cosúil lenár aimsir féin sa mbaile ach, fós fhéin, ní rabhas ag súil leis ar maidin. Ar a laghad, glanfaidh sé salach na bhfaoileán ón ngluaisteán.

Nach aisteach í an chuimhne? Tar éis bliain go leith a chaitheamh ag obair i gConamara (5 bhliain ó shin anois), ní chuimhin liom lá amháin a bhí fliuch! (Cé go raibh a dhóthain ann). Ag breathnú siar ar mo thréibhse ann, smaoiním ar laethanta geala thuas ar na cnoic agus tráthnónta breátha ag snámh sa bhfarraige (a bhí nimhneach fuar, ar ndóigh). Ach ní chuimhin liom báisteach ar bith.

Right, a mhac, ar aghaidh leat leis an staidéar agus ná bí ag stánadh amach an fhuinneog.

5 comments:

  1. Inniu an Déardaoin! Tá tú ag obair ró chrua. ;-)

    ReplyDelete
  2. Agus níl sé ag báisteach anseo i gConamara álainn inniu - an Aoine, a John!

    ReplyDelete
  3. Ní raibh lá gréine anseo i gChetwynde Downs le cúig bliain anuas, ach síor stealladh báistí is fearthainne, ceo, ceobhrán, anfa, doineann is gálaí.

    Agus mar sin de.

    ReplyDelete