8.10.10

Mana, mana, mana




















Caithim súil ar an suíomh Sporcle.com go minic nuair a bhíonn am saor le cur amú agam (agus go rómhinic nuair nach mbíonn). Agus tharraing an cluiche seo m'aird ar mhanaí na Stáit Aontaithe, agus na teangacha a bhaineann leo. Bain triail as.

SPOILER: De réir na bhfreagraí, is iad an Béarla agus an Laidin na teangacha is coitianta, ach tá manaí ann sa Ghréigís, Spáinnís, Fraincís, Iodáilís agus teangacha dhúchasacha na Meiriceánach.

Thosaigh mé ag smaoineamh... cad iad teangacha choitianta mhanaí na gcontaetha in Éireann? Agus cé chomh coitianta is atá an Ghaeilge ann?

An rud is suntasaí faoi, dar liom fhéin, ná an oiread Gaeilge atá ann, 17 acu. Is léir go dtaitníonn an uaim ag lucht scríbhneoirí na manaí, m.s. Comhar, Cabhair, Cairdeas/Meanma agus Misneach/Daingean agus Dílis. Tá an Laidin go láidir ann chomh maith, go háirithe sna Sé Chontae. Is dócha go bhfeileann sé don dá phobal thuas ann. (Sin ráite, b'fhearr le muintir Fhear Manach an Ghaeilge, bhuel an tSean-Ghaeilge, is cosúil.) Má tá spéis agat iontu, seo duit an liosta iomlán. 32 contae + 3 chomhairle contae BÁC + Tiobraid Árainn breise.

Manaí na gComhairlí Chontae
Gaeilge: 17
Laidin: 8
Gan aon mhana: 7
Sean-Ghaeilge: 2
Béarla: 1
Gaeilge/Béarla: 1

Aontroim: Per angusta ad augusta
Ard Mhacha: ---
Baile Átha Cliath: Beart de réir ár mBriathar
Baile Átha Cliath Theas: Ag Seo Ár gCúram/This We Hold in Trust
Cabhán: Feardhacht is Fírinne
Ceatharlach: ---
Ciarraí: Comhar, Cabhair, Cairdeas
Cill Chainnigh: ---
Cill Dara: Meanma agus Misneach
Cill Mhantáin: Meanma Saor
Clár: Dílis d'ár nOidhreacht
Corcaigh: ---
Doire: Auxilium a Domino
Dún: Absque Labore Nihil
Dún Laoghaire-Ráth an Dúin: Ó Chuan go Sliabh
Dún na nGall: Mutuam Habeatis Caritatem
Fear Manach: Feor Magh Eanagh
Fine Gall: Flúirse Talaimh is Mara
Gaillimh: Ceart agus Cóir
Iarmhí: Triath ós Triathaibh
Laois: I bpáirt leis an bpobal
Liatroim: ---
Loch Garman: Exemplar Hiberniae
Longfort: Daingean agus Dílis
Lú: Lugh sáimh-ioldánach
Luimneach: Cuimhnigh ar Luimneach
Maigh Eo: Dia is Muire Linn
Mí: Tré Neart le Chéile
Muineachán: Dúthracht agus Dícheall
Port Láirge: Déisi oc Declán co Bráth
Ros Comáin: Constans Hiberniae Cor
Sligeach: Land of Heart's Desire
Tiobraid Árainn Theas: ---
Tiobraid Árainn Thuaidh: ---
Tír Eoghain: Consilio et Prudentia
Uíbh Fhailí: Esto Fidelis

Is fearr liom féin mana Fhine Gall - Flúirse Talaimh is Mara. Cruthaíonn sé íomhá álainn i m'aigne. B'fhéidir gur chóir dóibh cur le chéile le comhairle Dhún-Laoghaire: Flúirse Talaimh agus Mara ó Chuan go Sliabh. Wow, bheadh orm bogadh ann le mana mar sin!

8 comments:

  1. ASG @ "Mana ó Neamh".

    @ manaí na gcathracha, seo hiad a Dennis:

    Iad uilig as Laidin, seachas mana aisteach an tSean-Bhéarla i gCill Chainnigh.

    Luimneach: Urbs Antiqua Fuit Studiisque Asperrima Belli
    Baile Átha Cliath: Obedientia Civium Urbis Felicitas
    Corcaigh: Statio Bene Fida Carinis
    Port Láirge: Urbs Intacta Manet Waterfordia
    Cill Chainnigh: Ye Faire Citie
    Doire: Vita Veritas Victoria
    Béal Feirste: Pro tanto quid retribuamus

    ReplyDelete
  2. Is deas an píosa oibre a chuireann tú faoinár mbráid ansin.

    Dála an scéil, is cosúil gur chum duine ó Bhord Fáilte mana Shligigh.

    ReplyDelete
  3. Suimiúil. Maith thú, a John!

    Meas tú cén fáth a bhfuil seacht gcinn gan aon mhana?

    ReplyDelete
  4. Ceist mhaith, a Áine, agus níl freagra agam duit. Seans maith go bhfuil manaí acu agus nach bhfuil siad aimsithe agam.

    ReplyDelete
  5. @ ormondo, mana Shligigh - an t-aon cheann as Béarla amháin. Ar a laghad is ó fhocail Yeats é.

    ReplyDelete
  6. Fuair mé inspioráid uait, a chara. Féach. GMMA!

    ReplyDelete