16.10.10

Scéal an dá mhapa

Is aoibhinn liom léarscáileanna. Níl a fhios agam cén fáth. Thaitin siad go mór liom i gcónaí. Is cuma cén scéal atá sa nuachtán nó ar an teilifís, má chuirtear léarscáil leis tarraingeoidh sé m'aird. Léim cuid mhaith blaganna go laethúil a bhaineann le mapaí agus an tíreolaíocht freisin.

Ag breathnú siar tríd na griangrafanna ar m'iPhone, thugas na léarscáileanna seo faoi ndeara. Córais iarnród atá iontu, is dócha gur cheapas go raibh siad úsáideach nó ealaíonta ag an am.
















Ar dtús, léarscáil íocónach an Underground. Tá sé feicithe againn uilig, agus aithris déanta ar go minic (mar shampla, sa togra fíor-speisiúil seo córas nua bus a chruthú i mBÁC). Foilsíodh an leagan conspóideach seo bliain ó shin nuair a bhaineadh an Thames uaidh, chun an léarscáil a shoiléiriú (baineadh go leor eolais eile uaidh ag an am céanna). Tógadh raic ag an am i measc muintir Londain a bhraith ar an abhainn chun cruth ceart a chur ar an mapa (tuigim a gcás), agus gealladh dóibh go n-athrófaí ar ais é. Idir an dá linn bhí an mapa bán 'tirim' thuas le feiceáil sna stáisiúin.




















Áááá, ár gcóras iarnróid féin. Is breá liom an léarscáil seo. Ní fhaca mé íomhá don chóras traenach chomh simplí riamh, agus is aoibhinn liom ainmneacha na stáisiúin iargúlta - ar nós Manulla Junction, Ballybrophy, Banteer. Níor chuala mé trácht orthu sula bhfaca mé an léarscáil seo. Ach faraor tá siad chun píosa a bhaint ón léarscáil seo freisin. Ní abhainn é, ach an líne idir Ros Láir agus Port Láirge, agus na stáisiúin beaga iargúlta im' cheantar féin - Bridgetown, Wellington Bridge, Ballycullane, Campile. Le himeacht an tionscadal siúcra ón tír seo, níl an t-éileamh ann don traein, agus beidh sé níos éasca agus níos saoire daoine a bhusáil go Port Láirge ina áit. :(

6 comments:

  1. Dún na nGall bocht neamhiarnródaithe...:-(

    ReplyDelete
  2. Tá an ceart agat. Nach bhfuil stáisiúin ar bith thuas ann?

    ReplyDelete
  3. Níl aon stáisiúin ag an gCabhán nó Muineacháin ach oiread. Uladh bocht.

    ReplyDelete
  4. Bhíodh stáisiúin ann fadó, roimh m'amsa, ach níl anois, ná le blianta, chomh fada agus is eol dom.

    Bhíodh an ceann seo ann uair amháin.

    ReplyDelete
  5. Wow, de réir na léarscáile ar an suíomh sin bhí go leor acu ann tráth. 17 acu ar Inis Eoghain amháin!

    ReplyDelete
  6. Seo foinse mapaí eile duit:
    http://mta.info/
    Bain sult as!

    ReplyDelete