2.10.10

ASG nó ASG?!












Is cineál béarlagair iad acrainmneacha na hidirlíne. Níl cumhacht cumarsáide iontu go dtí go bhfuil an chiall agat. Agus níl úsáid acu muna bhfuil siad ar eolas ag go leor daoine eile. Tá roinnt dóibh intuigthe, ach is gá cuid mhaith dóibh a fhoghlaim agus, dá bhrí sin, tá liostaí mar seo thar a bheith úsáideach a mbríonna a scaipeadh.

Chuir sé iontas orm, mar sin, go raibh míthuiscint agam ar cheann dos' na hacrainmneacha is coitianta ar-líne. Cheapas riamh gur "ag scaoileadh gáirí" é ASG ach tuigim anois, ó fhreagraí na mblagálaithe eile anseo, gur "ag scairteadh gáire" atá i gceist.

Cén difear? Nach bhfuil "an gáire" i gceist ag an dá cheann?

Bhuel, tá. Ach is cineálacha éagsúla gáirí iad. Is ceist tábhachtach í, toisc go mbíonn an t-acrainm in úsáid chomh minic sin againn. Agus leis an easpa comhthéacs atá ag an teagmháil idirlíne braithimid ar acrainmneacha, agus straoiseoga, ár gcialla agus mothúcháin a threisiú, nó a shoiléiriú.

So, ag scairteadh gáire. Ag gáire os ard. Go glórmhar. Go scréachach. Go béiceach, búireach.

Tuigim an t-aistriúchán anois. Tagann sé díreach ó LOL an Bhéarla. Tá gáire glórmhar i gceist ansin freisin. Ach cé go mbíonn LOL in úsáid agam go minic sa Bhéarla, admháim nár bhéic mé riamh os ard ag gáire os comhair an ríomhaire. (Bhuel, b'fhéidir uair nó dhó!). Go hiondúil is rud inmheánach é agus mé liom fhéin sa seomra codlata, nó ag éisteacht le físeán YouTube ar mo chluasáin san ollscoil. Ní bhím ag scairteadh. Ach go minic scaoilim gáire beag asam nó fuaim de shaghas éigin. Ag scaoileadh fuinneamh grinn a bhím.

So, a leitheoirí dílse, ní dóigh liom go bhfuilim sásta scaoileadh le mo scaoileadh gáirí go fóill! Glacaigí liom, le bhur dtoil, go mbeidh mé ag gáire libh ach ag ASG-áil ar bhealach beag éagsúil.

Agus dála an scéil, a Áine, seo duit leagan nua don dán sin. Tá súil agam go n-oibríonn sé níos fearr anois.


IS MISE ÁINE AN BLAGÁLAÍ


Is Mise Áine, an blagálaí,
Mo scéalta á roinnt,
Le scáileáin an ghréasáin,
Go cainteach gan caint.

Scrollaigh siar ar mo thráchta,
Nochta gan náire,
Le corr-straoiseog fánach
ASG ;)

Suite i gCeann Scríbe
I gcónaí ullamh
Le focal fáilteach
Ó sheomra folamh.

4 comments:

  1. B'fhéidir go mbíonn tú AGOI (ag gáire ós íseal)

    ReplyDelete
  2. Ní bhím ag scairteadh.

    Fear tomhaiste thú mar sin, nach mbíonn bricíní seile ar scáileán a ríomhaire. (An rud is measa ar fad ná rud éigin fíor-ghreannmhar a léamh nó a fheiceáil ar líne agus bolgam tae i do bhéal!)
    ;-)

    ReplyDelete
  3. Táim MMFAG anseo!

    MED, 'Mo mharú féin ag gáire'.

    Go raibh maith agat as an liosta sin a chur ar m'eolas, a John, agus beidh leagan na gConnachtach uaim am éigin, MFADMT - beidh oraibh mo liosta a léamh!

    An dán a phriontáil anois agam, a chara, ó tharla mé ar ais i gCeann Scríbe. BAAAD!

    Sea, sin ceann eile a bheas ar an liosta...:-)

    ReplyDelete