18.5.11

Banríon na Nuachtán

Bhí deighilt mhór idir thuairisceoireacht na mórbhileog agus na dtablóideach anseo ar chuairt na banríona inniu.


Deighilt idir mhórbhileoga (The Independent, The Times, The Guardian), a...

...thug tuairisciú leathan ar na hócáidí ar fad...
...chuir pictiúr don ócáid ar a bpríomleathanaigh...
...rinne cur síos dearfach ar an lá...
...thug léirmheas ar an gcomhthéacs stairiúil, mionshonraí siombalacha an lae agus an tábhacht a bhaineanns leo...
...thaispeáin an caidreamh cairdiúil idir an bhanríon agus an tUachtarán...
...rinne cur síos chomh maith ar na hagóidí agus a bpáirt sa scéal.


agus thablóidigh (The Sun, The Daily Express, The Daily Mail), a...

...chuir an scéal siar go leathanaigh 7, 8 nó 9...
...chuir an iomarca béime ar na hagóideoirí agus bagairtí...
...chuir béim ar sheasmhacht agus chrógacht na banríona in aghaidh na mbagairtí...
...thug léirmheas i bhfad níos díultaí ar an lá.

Chomh maith leis na haltanna ar fad, bhí trí chartún sna mórbhileoga.
Ceann amháin san Independent a bhí greannmhar...



...ceann eile sa Times a bhí deas simplí...



...agus ceann eile sa Guardian a bhí, bhuel, aisteach!

3 comments:

  1. Is maith liom an ceann aisteach

    ReplyDelete
  2. Meastú an bhfuil meon an iriseora ag aontú le meon an léitheora, a John, i gcás na nuachtáin uile, nó an bhfuil na hiriseoirí éagsúla ag scríobh amhlaidh mar go bhfuil a fhios acu céard a mheallann na léitheoirí chuig na nuachtáin sin...polaitíocht na nuachtán b'fhéidir...:-)

    ReplyDelete
  3. Tá an ceart agat, a Áine. Is iad an foréigean agus na bagairtí na scéalta is mealltaí ón gcuairt. Ach ní hiad na scéalta is tábhachtaí, ar ndóigh.

    ReplyDelete