9.5.11

Nuacht an Domhnaigh

Ar phríomhleathanach an Irish Times.ie, scéal faoi David Beckham (peileadóir ó Shasana) agus an miontimpiste bóthair a bhí aige i Meiriceá. Ar phríomhleathanach Éireannach?!


Bhí agallamh ag an Politics Show (BBC 1) le Alex Salmond, ceannaire Páirtí Náisiúnta na hAlban, faoin mbua mór a bhí acu sa toghchán, a chuir iontas ar chuid mhaith saineolaithe agus lucht na bpobalbhreitheanna sa Bhreatain. Bhí suim agam sa mhéad a bhí le rá ag Salmond, ach tharraing gúna an agallóra m'aird le linn an chláir. Táim cinnte go bhfuil sean-tocht againn sa bhaile leis an bpatrún bláthúil céanna.


Agus briseadh an scéal ar shuíomh nuachta an BBC go n-ísleoidh an tAE ráta úis na n-iasachtaí a tugadh dúinn. Shílfeá go mbeadh an scéilín beag bídeach sin ar phríomhleathanach an Irish Times...




7 comments:

  1. Shílfeá.

    (Beckham i Meiriceá. Ní raibh a fhios agam go dtí anois.)

    ReplyDelete
  2. Níl sé ach 1000 míle uait, a Dennis. Fan socair...

    ReplyDelete
  3. @' Shílfeá go mbeadh an scéilín beag bídeach sin ar phríomhleathanach an Irish Times'

    Tá siad gnóthach ag obair ar scéal an ghúna bhláthúil...

    ReplyDelete
  4. Á! nach dtuigesnn tú, maidir le cúrsaí 'futbál' nach bhfuil ionainn ach cúige Sasanach. Níl i bpáirceanna imeartha an oileáinín seo ach láithreacha traeneála do 'An Premier' Nach cloistear gach mac máthar ag caint ar 'sinn' agus 'ár' is iad a cur síos ar a rogha club Sasanach.

    Ach fós féin is ait liom go bhfuil a leithéid de neamh-nuacht ar phríomhleathanach an IT.

    ReplyDelete
  5. @Áine: Ní fhaca mé an t-agallóir sin cheana, ach tá stíl deas aici. Bhuel, stíl deas agallóireachta ;)

    @Míshásta: Bhí alt spéisiúil le Fintan O'Toole sa Guardian inné faoin CLG agus a stádas speisialta in Éirinn. Luaigh sé cur síos a rinne Tom Humphries ar an difríocht idir peileadóirí an CLG agus an sacair:

    "The GAA player who performs in front of 70,000 at the weekend will be teaching your kids on Monday, or he'll be selling you meat or fixing your drains or representing you in court. The soccer player who performs in front of 70,000 people at the weekend will be moaning about too many games and trying to sell you his personalised brand of leisure wear."


    Ní thuigfidh mé go deo dúil na nÉireannach sa spórt sin.

    An t-alt iomlán ag: http://www.guardian.co.uk/world/2011/may/08/queen-britain-croke-park-ireland?INTCMP=SRCH

    ReplyDelete
  6. Go raibh maith agat as an alt sin a chur faoi mo shúile

    ReplyDelete
  7. Fáilte romhat, a Néidí. Is minic a dhéantar dearmad ar cé chomh sainiúil is atá an CLG. (Tá a fhios agam nach ndéanann tusa an botún sin agus buanna Baile Átha Cliath á phoibliú agat ar do bhlagsa!)

    Is maith an scáthán nuachtán eachtrannach, is cosúil. Scríobh eagarthóir an Guardian alt gairid in ómós don CLG anuraidh. Seo nasc duit: http://www.guardian.co.uk/commentisfree/2010/sep/21/in-praise-of-gaelic-sports?INTCMP=SRCH

    ReplyDelete