7.5.11

An t-am sin den bhliain

Níl ach seachtain le fanacht roimh chomórtas 'amhranaíochta' na hEoraifíse, an céiliúradh 'ceoil' is campúla ar domhan, agus tá buaiteoirí na bliana seo roghnaithe agam cheana féin.

Táim céad faoin gcéad cinnte (gan breathnú ar éinne eile) go mbeidh an bua ag an mBealarúis i mbliana, leis an bhfonn fuinneamhach: "I Love Belarus".


Agus muidne in Éirinn ag druidim i dtreo céiliúradh céad bliain mar thír neamhspleách, síochán sa Tuaisceart (bhuel, beagnach) agus deireadh cóipcheart 'Amhrán na bhFiann' le teacht go luath, an bhfuil sé in am dúinn amhrán náisiúnta nua a chumadh...

"Is aoibhinn liom Éirinn, tá sé ionam go doimhin..."

Éinne?

3 comments:

  1. :-) Chuir an bhlagmhír straois mhór orm ó thús deireadh!

    ReplyDelete
  2. Táim sásta gur bhain sibh sult as. Fan go bhfeicfidh sibh 'amhrán' Iosrael: "Ding Dong".

    ReplyDelete