17.5.11

Fonn múisce/Cúis bhróid

Cloiste ó thuairisceoir an BBC ag an nGairdín Cuimhneacháin inniu:

"There are three taoisigh in attendance, representing the great and the good of Ireland".

Dia ár sábháil. Má's iadsan 'the great and the good' táimid i dtrioblóid.

Ní chuireann teacht na banríona isteach ná amach orm. Ach cuireann Bertie Ahern i ról an staraithe ar nuacht BBC fonn múisce orm fós.


I gcomparáid leis na Taoisigh, bhíos fíor-bhródúil as ár nUachtaráin, Máire Nic Giolla Íosa agus Máire Mhic Róibín - a threoirigh an bhanríon timpeall Ollscoil na Trionóide inniu. Profaisiúnta, cairdiúil, maorga. Níos ríoga, an bheirt acu, ná rí nó banríon ar domhan.


9 comments:

  1. Chual ar RnaG ar maidin gurbh amhlaidh go raibh Comhairle an Stáit i láthair, agus gurbh é sin an chúis go raibh an dís úd ann.

    ReplyDelete
  2. "Comhairle an Stáit" le Bertie agus Brian. Ar chuala tú a leithéid de ocsamórón riamh?

    ReplyDelete
  3. Bhuel, is comhalta gach iar thaoiseach agus iar uachtarán.

    ReplyDelete
  4. @ Níos ríoga, an bheirt acu, ná rí nó banríon ar domhan.

    Aontaím céad faoin gcéad leat, ach go háirithe leis an ráiteas thuas. Mná iontacha iad!

    ReplyDelete
  5. Tuigim, a Aonghus. Is aisteach an focal 'comhairleoir' domsa, áfach. Tuigim an brí oifigiúil dó, ach ní ghlacfainn le comhairle nó treoir pearsanta uathu go deo :)

    ReplyDelete
  6. Bhíos an-bhródúil as an Uachtarán agus as an Máire eile chomh maith. Beirt bhan atá iontu; an bhfuil teachtaireacht éigin i bhfolach sa ráiteas s'agam?

    ReplyDelete
  7. Beirt dlíodóir freisin! Agus Ollúna i gColáiste na Tríonóide.

    ReplyDelete