15.2.12

Cá dtéann frapaí teilifíse i ndiaidh an taifeadta?

Suas ar dhíon Ollscoil Chaerdydd is cosúil.


Noo-Noo agus an TARDIS ar bharr na hollscoile inniu, in éineacht le píosa Tetris. Ní dóigh liom go bhfuil Noo-Noo bocht róshásta lena chomhluadar.

3 comments:

  1. Bhuel, táim ag cur lem' eolas gan dealramh i gcónaí. Anois le cúnamh an Uasail Gúgail, tá a fhios agam cad is Noo-Noo, Tardis agus Tetris ann. B'fhéidir go mbainfidh mé tairbhe as i dtráth na gceist uair éigin. Nó is dóichí nach rabhas ach ag cur ama amú. Huh!

    ReplyDelete
  2. Ní ró-shásta atá mé le “frapa” mar aistriúchán ar an bhfocal Béarla “(stage) prop”. Ní ó “prop something up” nó “frapa a chur faoi rud” a tháinig “prop” na drámaíochta ach ó “(stage) property”.

    ReplyDelete
  3. A Mhíshásta bocht! Nach bhfaca tú eagrán de Dr Who riamh? Ná cluiche Tetris?! Táimid thar a bheith bródúil as an dochtúir anseo i gCaerdydd, mar go mbíonn sé á scríobh is á thaifeadadh anseo timpeall chuan Caerdydd. Tá ionad cuairteoirí Dr Who á thógáil faoi láthair gar dom' theach. Caithfidh má cúpla grianghraf a ghlacadh dó.

    Maidir leis na frapaí, a Dennis, cheapas ar dtús nach raibh tú sásta leis an téarma toisc go raibh Noo-Noo agus an Tardis ina gcarachtair cearta iad féin! Tá an focal 'fearas (stáitse)' ag acmhainn.ie

    ReplyDelete