Scott agus a fhoireann --- Oates, Bowers, Scott, Wilson, Evans --- |
Ar an lá seo 100 bliain ó shin, cailleadh Captaen Scott agus a fhoireann ar chlár bán an Antartaigh. Bhí siad ar an mbealach ar ais ón bpol theas, áit ina bhfuair siad bratach na hIorrua a d'fhág Amundsen ann 5 seachtaine rompu. In ísle brí, i gcoinne na drochaimsire, gortaithe, gan fuinneamh, gan bia, agus gan ach 11 míle ón ndídean a bhí fágtha dóibh, cailleadh an cúigear fear sa bhfuacht.
Dealbh Scott i gcuan Chaerdydd, leis an Eaglais Iorruach sa chúlra |
Ba í Caerdydd an áit dheireanach sa Bhreatain ina raibh Scott. Sheol a long - an Terra Nova - amach ó chaladh Chaerdydd ar an 7 Meitheamh 1910. Tá dealbh den taisceálaí sa chuan sa lá atá inniu ann, in aice leis an Eaglais Iorruach agus an bratach céanna a bhí ag fanacht air i lár an Antartaigh.
Laistigh den Eaglais Iorruach - mar is iondúil d'eaglaisí na dtíortha Lochlannacha tá long beag crochta ón síléar |