27.9.12

Ar Son na Cáise

D'fhreastal mé ar Fhéile Cháis na Breataine an Satharn seo caite a bhí ar siúl i lár chaisleán Chaerdydd. Cheapas féin agus mé ag taisteal chun na féile nach mbeadh mórán le feiscint ann - fuaireas cuireadh chun freastal air, ní mise a cheannaigh na ticéidí. Ach ag sroichint an chaisleáin liom an mhaidin úd, thuigeas go mbeadh an-lá againn. Scuaine fada lasmuigh d'áirse mhór an chaisleáin, banna ceoil ag seinnt go gealmhar laistigh, agus pubaill curtha suas i ngach coirnéal den chlós le rogha leathan táirgí istigh iontu - beor, subh, leann, seatnaí agus, ar ndóigh, cáis... iad go léir lámhdhéanta ag comhlachtaí beaga baile.

Radharc ón túr ar chlós an chaisleáin. 
















Bhí ticéad speisialta faighte againn do cheardlann a bhí dírithe ar cháiseanna na hÉireann, áit ina bhfuair muid blaiseadh beag de deich gcáis éagsúla idir cháiseanna bó, gabhar agus caorach. Cáiseanna feirme a bhí iontu, agus thug beirt bhan an tí (nó an phubaill, ba chóir dom a rá) léargas dúinn ar na comhábhar a bhí iontu, an próiséas ina ndéantar iad, agus na daoine a bhí á ndéanamh. Beirt iar-bhuaiteoirí ón bhféile a bhí iontu féin - Quinlan Steele ó Milleens, agus Helen Finnegan ó Knockdrinna - agus bhí samplaí dá gcáiseanna féin san áireamh. 

Quinlan Steele ó Milleens
Helen Finnegan ó Knockdrinna
Is bean fhíor-spéisiúil go deo í Quinlan, a thosaigh ag táirgeadh cáise sna 70aidí nuair nach raibh ach monarchana móra á dhéanamh in Éirinn. Tá cáil bainte amach ag a cáiseanna ar fud an domhain anois - agus beidh sí ag taisteal go dtí an Aetóip go luath, creid é nó ná creid, chun a scileanna a roinnt le gnáthmhuintir na tíre sin agus iad ag iarraidh tuilleadh bia a chruthú as a n-áiseanna srianta féin.

An rogha cáiseanna

I measc na gcáiseanna a bhí le blaiseadh againn, bhí - ag tosnú leis an gceann thuas i gcúinne na láimhe deise agus ag leanúint síos agus timpeall an chiorcail i dtreo an chloig)...
Crozier Blue (Co. Thiobraid Árann)
Bellingham Blue (Co. Lú)
St Tola (Co. an Chláir)
Cooleeney (Co. Thiobraid Árann)
Kilree (cáis Helen, Co. Chill Chainnigh)
Gubeen (Co. Chorcaigh)
Killeen (Co. na Gaillimhe)
Milleens (cáis Quinlan, Co. Chorcaigh)
Coolea (Co. Chorcaigh)
agus an ceann bán thíos faoin dticéad...
Ardsallagh (Co. Chorcaigh)
agus bhí braoinín beag leanna againn lenár mbéil a nglanadh, bíodh a fhios agat.

Dála an scéil, is féidir na cáiseanna bó a aithint ón dath buí atá orthu.

2 comments:

  1. ¡Vaya con queso! Is breá liom banbhia, cáis go háirithe! An-lá go deo, gan dabht dá laghad.
    :-)

    ReplyDelete