D'úsáid mise plúr caiscín a raibh síolta lusa na gréine, ros lín agus muiléad ann, a chuir blas, dath agus uigeacht deas leis. |
Seo daoibh é. Tá dhá bhuilín aráin i gceist anseo.
Comhábhair:
10 oz Plúr bán
18 oz Plúr caiscín
3 oz Min choirce
1 tsp Salann
1 tsp Siúcra
3 tsp Sóid aráin (criathraithe)
1 Ubh
950 ml Bláthach
(Síolta lusa na gréine/poipiní don bharr má's mian leat)
An tOideas:
Cuir na comhábhair thirime isteach i mbabhla mór agus meascaigh le chéile iad. Buail an ubh go héadrom i mias eile, agus ansin meascaigh an ubh agus an bláthach le chéile. Isteach leis an ubh/bláthach ar na comhábhair thirime agus meascaigh le chéile iad. Cuir an meascán seo isteach in dhá stán builín - le him ar a n-imill - agus cuir in oigheann réamh-théite 200c (nó b'fhéidir 190c i bhfeanoigheann te) nó gasmharc 6 ar feadh 50 nóiméad. Tóg amach iad agus fág iad ar tráidire sreinge le taetuáille thar timpeall orthu.
Sílim gur min choirce atá i gceist agat seachas leite.
ReplyDeleteArán taos ghéar a bhíonn againne. Beagán níos casta mar go caitheann sé suí ar feadh an lae.
Bain sult as!
Tá an ceart agat, a Aonghuis. Min choirce a bhí i gceist agam.
ReplyDeleteAn ndéanann sibh arán taos ghéar chun comhábhar éigin a sheachaint? Nó, just, toisc go dtaitníonn an blas leat?
Nós agus blas.
ReplyDeleteThosaigh muid blianta ó shin (agus muid fós sa Ghearmáin). Is maith liom arán téagartha. An ghráin agam ar an stuif bog a díoltar abhus mar arán! Arán sóid go deas nuair atá sé úr, ach ní mhaireann ró fhada.
Tá oideas mar é agam, a John, agus tá sé sothuigthe agus dobhuailte, freisin..;-)
ReplyDeleteTá cuma an-deas ar an arán sin thuas, caithfidh mé a raibh; an-jab, a chara!
GRMA, a Áine. Táim thar a bheith sásta liom féin ;)
ReplyDeleteTá sé ag breathnú go maith! Ach... ubh in arán donn?? Níl ach cúig chomhábhar san oideas clasaiceach, go bhfios dom, mar atá caiscín, bláthach, salann, sóid... agus a lán lán taithí !
ReplyDelete;-)