16.9.12

Comhghairdeas le Cailíní Loch Garman



Murach na mná arís i mbliana... tá cluiche ceannais na camógaíochta buaite ag mná Loch Garman don tríú bliain i ndiaidh a chéile. A leithéid de chluiche - 3 cúl ag an dá fhoireann - agus ard-scil agus paisean á thaispeáint acu i bPáirc an Chrócaigh inniu.

Beidh mé ann an tseachtain seo chugainn i gcomhair an cluiche mór idir Maigh Eo agus Dún na nGall. Má fheicimid an oiread sin lúthchleasaíochta agus diongbháilteachta i measc na bhfear, beidh an t-ádh dearg linn.

1 comment:

  1. Maith sibh!

    An t-ádh le Gaillimh, agus lá eile ag an bPaorach..:-)

    ReplyDelete