14.9.12

Cruth na gContaetha

Is gíc ceart mise chomh fada is a bhaineann sé le léarscáileanna. Agus is cuimhin liom trácht a léamh uair amháin ar chruth Chontae Muineacháin agus an chosúlacht idir é agus cruth na hIaráice. Gan amhras, tá siad an-chosúil lena chéile agus, de réir an bhlaig seo, bhí ar chumann Mhuineacháin mapa den chontae a bhaint óna meirge i bparáid lá 'le Pádraig i Nua Eabhrac de dheasca na cosúlachta.


Chuir sé sin mé ag smaoineamh... an bhfuil cosúlachtaí idir na contaetha eile agus tíortha/ceantracha eile i bhfad uathu. Seo thíos mo liosta go dtí seo. Ba bhreá liom léarscáil mhór d'Éirinn a chruthú astu am éigin, mar sin má smaoiníonn sibh ar doppelganger do na contaetha eile, bí i dteagmháil liom.

An Iarmhí...

...agus Niger

Luimneach...

...agus Poblacht na hAfraice Láir

An Mhí...

...agus an Fhrainc

Agus an ceann is ansa liom...

Laois

...agus cathair Bheirlín

3 comments:

  1. An-spéisiúil. Tá cuid mhaith taighde déanta agat, gan amhras.

    Tá Portlaoise agus priosún an Stasi in Hohenschönhausen beagnach san áit chéanna...

    ReplyDelete
  2. Bhabha! Jab iontach, a John, agus spéisiúil, go deimhin..:-)

    ReplyDelete
  3. A Ormondo, tá sraith shuimiúil ar siúl an tseachtain seo sa Guardian dár teideal: Germany, the accidental empire. Altanna éagsúla faoin tír agus a stádas san Eoraip faoi láthair. Seans go mbeadh suim agat ann. Le fáil anseo: http://www.guardian.co.uk/world/series/germany-the-accidental-empire

    ReplyDelete