4.5.10

Mionteangacha mhóra

Tá cónaí orm i gcuan Chardiff, áit ina bhfuil athnuachan mhór déanta le 20 bliain anuas. 'Sé an Millennium Centre an foirgneamh is fearr liom féin - a éiríonn cosúil le tonn mhór chré-umha ag deireadh mo bhóthair. I rith na hoíche, lastar aghaidh an fhoirgnimh agus feictear na liricí: "In these stones horizons sing", as Béarla agus Breatnais.


Tugann na focail móra seo draíocht don fhoirgneamh - ach chomh maith leis sin, tugann sé stádas don Bhreatnais mar theanga beo ealaíonta. Léiríonn sé go mór soiléir cé chomh tábhachtach is atá an teanga i saol cultúrtha na tíre.

Thosaigh mé ag smaoineach aréir, cá bhfuil an Ghaeilge "is mó" le feiscint? 

Anseo?

Bíonn NOLLAIG SHONA mór scríofa ar cheannáras TG4 chuile bhliain freisin.

Aon áit eile le Gaeilge chomh mór seo i súil an phobail?

2 comments:

  1. Cad as do na focail mhóra sin ar an MC?

    Ós ag caint ar mhionteangacha atá tú, is féidir go mbeadh suim agat san fhíseán seo, "City of Endangered Languages".

    ReplyDelete
  2. Ó amhrán a chumadh don oscailt. Nach deas í an abairt? Tá go leor scláta san fhoirgneamh ó cheann ceann na Breataine Bige.

    GRMA as ucht an fís sin. An-suimiúl.

    ReplyDelete