27.4.10

Leasdeirfiúracha agus laptopanna

Ceann do na fadhbanna is mó a bhíonn ag múinteoirí Gaeilge ná na focal nua-aimseartha a bhíonn ag teastáil ó dhaltaí. Go minic, ní bhíonn na focail agam féin nó bíonn an Béarla, nó leagan dó, in úsáid (b'fhéidir go mícheart) agam. Tabharfaidh mé sampla daoibh. Bhí mac léinn amháin ag lorg an focal "half sister" - focal tábhachtach agus í ag déanamh cur síos bunúsach ar a clann. Bhí orm breathnú sa bhfoclóir don fhocal "leasdeirfiúr" (a thaitníonn go mór liom mar fhocal). Ach i gcás an focal "laptop", mhol mé dóibh "laptop" a úsáid in áit "ríomhaire glúine". Is dócha go rabhas mí-chaighdeánach ansin. Bhí an focal "sólann" sa leabhar, rud nár chuala mé riamh i mo shaol (is "leisure centre" é). Agus bhí fear eile ag lorg "guinea pig". Beidh stór mór focail agam ag deireadh an chúrsa. Ach an mbeidh na focail in úsáid áit ar bith eile ar domhain?

6 comments:

  1. Déarfainn gurb é an tionchar is mó a bhíonn ar nua-fhocail sa Ghaeilge ná R na G agus TG4. Ní thuigfinnse "sólann" gan dul i muinín an foclóra ach b'fhéidir go mbeadh an focal intuigthe i gcomhthéacs. "Ionad fóillíochta" a molann Focal.ie, ach ní raibh an téarma úd ar eolas agam ach an oiread. Ach is dócha gurb é an téarma a bhéarfaidh an craobh leis ná an téarma a bheidh le clos ar nuacht TG4.

    Dála an scéil os ag caint ar an bhfocal ceart -ní dóigh liom go bhfuil "clann" oiriúnach le haghaidh dearfeáracha agus deirfiúracha.

    Da bo chi

    ReplyDelete
  2. @ clann - is dóigh liom gur 'teaghlach' is oiriúnaí sa chás sin, ceart go leor, a Mhíshásta.

    Maidir le 'laptop', is maith liom féin 'ríomhaire glúine' - tá an míniú sna focail, ach sin mise...:-)

    Maidir le 'half' agus 'step', is ionann an focal Gaeilge = 'leas', cé nach ionann 'half-sister' agus 'step-sister' shílfeá!

    ReplyDelete
  3. Is féidir Treoracha d'Aistritheoirí a íoslódáil anseo, agus féach bun leathanach 11 le haghaidh 'clann' agus 'teaghlach'.

    ReplyDelete
  4. “Stepsister” an chiall a bhainimse as “leasdeirfiúr”. Tá FGB ar aon intinn liom. Rinne mé cuardach Google le “leathdheirfiúr” anois díreach agus fuair mé dhá shampla de, ceann amháin ó Raidio Rí-Rá:

    Tá an siopa á oscailt aici lena leathdheirfiúr, Sarah Owen, áit go mbeidh daoine in ann éadaí dearthóra a fháil ar cíos seachas iad a cheannach.

    Is dóigh liom go bhfuil “leathdheirfiúr” éasca a thuiscint -- tá sé “trédhearcach” mar a deirtear -- agus is focal beacht é.

    Dála an scéil, is a bhuí le liosta Áine a fuair mé do bhlag.

    ReplyDelete
  5. GRMA as ucht an chomhairle. Tá an foilsiúchán d'Aistritheoirí go hiontach, a Áine (go háirithe lth. 11 - caithfidh mé breathnú go géar air). Ar ndóigh, tá sibh 100% ceart "teaghlach" a úsáid. Tagann an focal "clann" chugam i gcónaí in áit "teaghlach" cé go dtuigim an difríocht. Agus bíonn sé in úsáid agam sa rang leis na foghlaimeoirí mar gheall ar an gcosúlacht leis an bhfocal Béarla "clan". Ceist eile daoibh... an litrítear an phrása "i gcóir" nó "i gcomhair". "i gcomhair" atá sna treoracha d'aistritheorí (lth. 11 arís), ach ní scríobhaim mar sin é ar chor ar bith.

    ReplyDelete
  6. 'i gcomhair' is dóigh liom, a John.

    Aontaím leat i dtaobh na trédhearcachta, a Dennis, ach is 'leas' atá acu don dá rud thiar sa bhaile, dúradh liom, cé go sílim féin nach ionann an gaol 'step' agus an gaol 'half'!

    Ní raibh mé in ann teacht ar 'leathdheirfiúr' sna foinsí iondúla acadúla, faraor...

    ReplyDelete