15.7.10

91 bliain ag blaiseadh

Táim sa mbaile faoi láthair, ag tabhairt aire dom' sheanmháthair agus mo thuismitheoirí ar saoire. Tá an t-ádh liom go bhfuil beirt sheanmháthair fós agam: mo "nanny" atá 91 agus mo "ghranny" atá 98 bliain d'aois. Sin 189 bliain eatarthu!

Ní bhíonn mórán ocrais ar mo nanny. Ní itheann sí ach cúpla béile beaga i rith an lae, agus fágann sí bia ar an bpláta go minic. Ach sin ráite, níor fhág sí ná níor dhiúltaigh sí trí rud riamh:

Putóg dhubh
Diúilicín
Braon tae

Is léir go bhfeabhsaíonn an blas le haois!

4 comments:

  1. Tré: “Trí bhia a bhfuil fad saoil iontu: putóg dhubh...”

    ReplyDelete
  2. Is maith liom é sin, a Dennis. Cé nach mbeadh na saineolaithe bia róshásta leis, is dócha.

    ReplyDelete
  3. Seo tré eile ón mbéaloideas (.i. ceann nár chum mé féin):

    Trí shólás an tseanduine: tine, tae, agus tobac.

    ReplyDelete
  4. Maith sibh! Is maith liom na nithe seo a chloisteáil maidir le nósanna ár ndaoine saolta.

    A John, máz rud go bhfuil taifeadán agat, b'fhiú duit seanchas a bhailiú ó Nanny agus Ghranny, ó tharla iad fós linn, nár laga a gCé iad!

    ReplyDelete