1.7.10

Cosc (beag) ar na Clampers

Dea-scéal anseo daoibhse a bhíonn ag taisteal go dtí an Bhreatain go minic sa ghluaisteán. Nó, ar ndóigh, daoibhse a bhfuil an ghráin agaibh ar an lucht clampála.















Cúpla mí ó shin, clampáileadh mo ghluaisteán i gCardiff toisc nach raibh an cháin íoctha air (níl aon leithscéal agam, bhí mé mall í a íoc). Tháinig an lucht clampála go luath ar an Domhnach, scan siad uimhir an ghluaisteáin lena dtreallamh nua-aimseartha agus d'fhág siad píonós £100 air. Bhí rabhadh leis go gcuirfí píonós £100 ar gach lá breise a bhí siad ag fanacht orm an t-airgead a íoc. Rinne mé iarracht an píonós a íoc ar an bpointe, ACH... ní raibh an oifig oscailte ar an Domhnach, ná an lá ina dhiaidh (lá saoire bainc a bhí ann) agus bhí orm fanacht go dtí an Máirt chun scaoileadh leis an gclampa. Bhuel, bhíos ar buile.

Scríobh mé gearán chuig an DVLA faoin mbealach ina raibh na clampers ag obair ar an Domhnach nuair nach raibh éinne san oifig acu. Bhí orm dhá r-phost a scríobh sular tháinig litir ón "mBainisteoir Náisiúnta Clampála" í fhéin, Bethan Beasley (nach bhfuil ach 40 nóiméad suas an bóthar i Swansea). Agus gheall Bethan dom go gcuirfidh sí "cosc práinneach ar an gcleachtadh seo".
















Bua i gcomhair na dtiománaithe bochta.

Beidh an lucht clampála againn go deo, is dócha. Ach ar a laghad, sa Bhreatain, ní bheidh siad thart ar an Domhnach arís!

3 comments:

  1. Maith thú!

    Ceacht foghlamtha acu, agus agat...:-)

    ReplyDelete
  2. Sea :(

    Tá fonn orm dlíthe eile a athrú anseo anois! Hmmmm, b'fhéidir cosc a chur ar táillí leabharlainne i rith an tsamhraidh. (Tá £5 le n-íoc agam, cé nach bhfuil duine ar bith eile á úsáid).

    ReplyDelete