Thugas cuairt ar Mhúsaem Stair an Dúlra i mBaile Átha Cliath inné. Bhí sé plódaithe le Spáinnigh (ag siúl thart, ní sna cófraí). Thaitin an bheirt seo go mór liom.
"Bhuel, halóóó".
(Nach bhfuil cuma fíor-mhealltach ar an iora rua seo?!)
"HAIGH!!!"
(Tá an leaid seo thar a bheith sásta bheith ina mhadra rua uisce. Níl an rón taobh thiar dhó chomh cinnte, áfach.)
Dobharchú seachas madra rua atá sásta!
ReplyDeleteGML, "madra uisce" a bhí i gceist agam. Tá an t-iora rua mealltach ag cur isteach orm!
ReplyDelete...:-)
ReplyDelete