20.7.10

An t-Ór Dearg

Ag baint sult as ór dearg Loch Garman na laethanta seo. Is as feirm áitiúil iad na fathaigh seo, a fhásann i dtolláin plaisteacha. Téann siad go hollmhargaidh ar fud na tíre, agus bíonn siad le fáil fós i mí Dheireadh Fómhair.
















Ní mise amháin atá ag baint sásaimh as suaimhneas an tsamhraidh.

6 comments:

  1. Tá. Cé go bhfuil sé ag breathnú go hamhrasach orm. Is le m'uncail é.

    ReplyDelete
  2. Chuala sibh is dócha an ceann faoin gCarmanach a bhí i mbun an scrúdu teoirice tiomána nuair a d'iarradh air cad é an comhartha bóithre is iondúil a fheictear in Éirinn. "Strawberries here" ar sé.

    ReplyDelete
  3. An bhfuil sé ina Shamhradh libh ansin, a John? Chuaigh mé amach ag siúl ar maidin agus, ar m'fhilleadh abhaile dhom, bhí mé fliuch go craiceann i ndiaidh na fearthainne anseo!

    ReplyDelete
  4. Faroar, níl sé. Tá sé ag stealladh báistí ó ghlac mé an griangraf sin!

    ReplyDelete