5.7.10

Madra uisce na mainistreach

Táim ar saoire sa mbaile ar feadh míosa anois, agus ag baint sult as an aimsir bhreá anseo san oirdheisceart. Is aoibhinn liom bheith ar ais faoin tuath i mo cheantar féin ar feadh tamaill. Cé go bhfuil aithne mhaith agam ar mhuintir na háite, bhuail mé le comharsa liom aréir nach bhfaca mé riamh cheana.

Agus mé ag spaisteoireacht gar do Mhainistir Tintern chonaic mé madra uisce i sruthán in aice na mainistreach. Áit chiúin atá ann, leath-mhíle ón mbóthar, agus gan trácht ann ach corr-spaisteoir i rith an lae. Faraor, ní raibh ceamara agam.

Mar is eol daoibh, is ainmhí fíor-chúthaileach é an madra uisce, ach ní raibh stró ar bith ar an leaid seo agus é ag fiach sliogán faoi chlocha an tsrutháin. Bhreathnaigh mé air ar feadh cúig nóiméad sula bhfaca sé mé, ach ansin d'éalaigh sé faoin uisce i bpreabadh na súl.





4 comments:

  1. Tá madraí uisce anseo freisin, ach ní fhaca mé ceann acu riamh ach amháin sa Seattle Aquarium. Maith thú!

    Tintern an leagan Béarla de Tyndyrn. An gciallaíonn an t-ainm seo rud éigin i mBreatnais? An ainm Ceilteach é?

    ReplyDelete
  2. Mar fhreagra ar mo cheist féin, seo an méid a fuair mé ar Wiki:

    The name Tintern may derive from the Welsh din + d/teyrn, meaning "rocks of the king".

    Más fíor don mhíniú seo, is léir go bhfuil "din" gaolmhar le "dún" agus go dtáinig "teyrn" agus "tiarna" ("tigern" i Sean-Ghaeilge) araon ón fhocal Ceiltise céanna, rud éigin cosúl le "tigernos". Is féidir Mainistir D(h)úntiarna a chur air i nGaeilge mar sin.

    ReplyDelete
  3. An-suimiúl, Dennis, GRMA. 'Sé "Tinteirn" an t-ainm Gaeilge ar an bparóiste ar logainm.ie, ach b'fhearr liom Dúntiarna. Tá an mhainistir seo i ndeisceart Loch Garman, ach tháinig an t-ainm ó mhainistir Tintern na Breataine Bige. Táim chun post a scríobh faoi go luath.

    ReplyDelete
  4. Is maith liom 'Dúntiarna' freisin!

    Maith sibh beirt...:-)

    ReplyDelete