29.9.10

Is Mise Áine, an blagálaí...

(In ómós don t-aon bhlag nach bhfuil luaite ina dán fhéin).

Is Mise Áine, an blagálaí,
Mo scéalta á roinnt,
Le scáileáin an ghréasáin,
Go cainteach gan caint.

Scrollaigh siar ar mo thráchta,
Lán comhairle is spraoi,
Le corr-straoiseog fánach
ASG* ;)

Suite i gCeann Scríbe
I gcónaí ullamh
Le focal fáilteach
Ó sheomra folamh.




*Deirim "Ag Scaoileadh Gáirí" don acrainm seo, an bhfuil an ceart agam?!

4 comments:

  1. ASG! Maith thú, a chara, agus mo bhuíochas díot as an ómós sin a thabhairt dom!

    Chomh luath agus a bheas mé ar ais i gCeann Scríbe, beidh an dán sin ag dul suas ar bhalla an tseomra fholaimh...;-)

    ReplyDelete
  2. Maith thú!

    Deirim "Ag Scaoileadh Gáirí"

    Ag scairteadh gáire a bhímse.

    ReplyDelete