4.10.10

Damáiste Pacáiste




Tháinig beart álainn sa phost chugam, lán d'earraí Éireannacha - Taytos agus anlann Bhallymaloe (yum). Tháinig nóta leis ón Royal Mail ag rá go raibh an pacáiste loite ar an turas agus go raibh orthu é a ath-dhúnadh (bhí cellotape agus mála plaisteach curtha timpeall air). 

Ach bhí comhábhair breise i bhfolach ann. 

Sular ath-dhúnadh mo bheart is léir gur caitheadh isteach earraí ó phacáistí loite eile! Ispíní beaga Pólannacha agus saicín Paprika ón Ind. Agus deirtear nach bhfuil lón saor le fáil. An bhfuil oideas idirnáisiúnta ag éinne don ualach ileitneach seo?

7 comments:

  1. ASG (go múinte, gan mo scáileán a bhreacadh le seile)! Ach... níl sa bhosca ach ? in ionad pictiúir.

    ReplyDelete
  2. GRMA. Agus ná bí ag magadh fúm agus m'ASG! Ag breathnú ar Inbetweeners ar channel4.com agus ag scaireadh faoi dheireadh.

    ReplyDelete
  3. Nó b'fhéidir go bhfuilim ag 'scaradh' gáire.

    ReplyDelete
  4. Smaoinigh an an bPolannach agus Indiach bhocht atá gann! A ndeachaigh aon rud leatsa ar strae?

    The mail must get through.
    Through what, we can't say!

    ReplyDelete
  5. Ní dheachaigh. Ach bheinn sásta iad a roinnt leis an domhain. Táim cinnte go mbeadh Taytos go hálainn le curaí!

    Caithim a admháil nach bhfeileann an post do chriospaí. Bhí mo Taytos briste brúite ina smidiríní i bhfad sular shroich siad Cardiff.

    ReplyDelete
  6. @ 'Ispíní beaga Pólannacha agus saicín Paprika ón Ind'

    Ní beart de réir an iarthair a bhí ann, mar sin...:-)

    ReplyDelete