20.10.10

Seoltaí an tSaoil

Tá sráideanna le feiceáil ar Google StreetView, chomh maith le bóithre, mótarbhealaí agus ascaillí ó cheithre chearn na cruinne. Ach b'fhearr liomsa i bhfad breathnú síos conair na cuimhne. Mar sin seo daoibh mo shaol ó thaobh na seoltaí de. Gach áit ina rabhas lonnaithe ar feadh míosa, ar a laghad - fada go leor chun litir a fháil agus an seoladh a chuimhneamh. Níor cheap mé go mbeadh an oiread sin ann nuair a thosnaigh mé air.  :-\









An baile :)










An scoil chónaithe










An chéad teach sa chathair










An teach is lú










An teach is salaí










An teach is faide ón mbaile










An teach is mí-chairdiúla










An teach is cairdiúla










An tréimhse is gairide










An teach is gruama










An teach is contúirtí










An teach is teinne teannasaí










An áit is daoire










An teach is plódaithe

12 comments:

  1. Bhí tú ar fud na háite!

    Déanta agat go deas.

    ReplyDelete
  2. GRMA a GFG.

    Is deas breathnú siar ó am go ham. Nach bealach fada casta é an saol?

    Agus mé ag íoslódáil ón suíomh thugas faoi ndeara go mbíonn an ghrian ag taitneamh i StreetView i gcónaí!

    ReplyDelete
  3. Turas fíor-shuimiúil! Ceist agam ort: céard go díreach atá ar d'intinn nuair a deir tú go bhfuil teach “teann”? Ceist eile: an i Meiriceá atá an teach is faide ón mbaile?

    ReplyDelete
  4. Smaoineamh maith. B'fhéidir go ndéanfaidh mé féin amhlaidh.

    ReplyDelete
  5. Hmm.

    Tá cuid dem shaol faoi cheilt fós - níl radharcanna na Gearmáine ann fós.

    ReplyDelete
  6. An-smaoineamh. Déanfaidh mé amhlaidh leis.

    ReplyDelete
  7. Ag tnúth go mór le bhur dturais.

    @ Aonghus: de réir Google, beidh StreetView le fáil sna 20 cathair is mó sa Ghearmáin ó mhí na Samhna ar aghaidh. As Gearmáinís anseo: http://www.zeit.de/digital/datenschutz/2010-08/street-view-startet

    @ Dennis: níor réitigh mé fhéin agus mo housemate rómhaith le chéile sa tigh sin. Mionpholaitíocht an tsaoil. Agus bhí orainn conradh tionóntachta sé mhí a chaitheamh le chéile. An bhfuil an focal 'teann' ceart sa chomhthéacs sin?! Is i gPort Láirge atá 'an teach is faide ón mbaile'. Nílim ach ag magadh. I dToronto a bhí sé :)

    ReplyDelete
  8. Ní raibh a fhios agam an raibh tú ag rá go raibh an teach féin daingean/buan. Is féidir go mbeadh “teannasach” níos fearr ná “teann” sa chás seo. Is dóigh liom go mbeadh “achrannach” níos fearr fós.

    ReplyDelete
  9. Ha, ní raibh locht ar bith ar an teach. Na daoine istigh ann amháin a bhí teannasach. Ní dóigh liom go rabhamar achrannach, cé go dtaitníonn an focal liom. Ní raibh aon achrann eadrainn. Agus seans maith gurb é sin an fhadhb a bhí againn.

    ReplyDelete