6.1.11

Caife Fliuch

D'ordaigh mé mo ghnáth-chaife laethúil i Starbucks ar maidin: grande cappucino le bainne soighe. Ach an uair seo d'iarr mé uirthi gan an iomarca 'froth' a chur air.

"So you'd like it quite wet", arsa sise.

"Is dócha", a dúirt mé féin.

Chuala mé gur féidir deoch "extra hot" a ordú ann, ach "extra wet"?!

Cheap mé go raibh m'ordú seafóideach go leor cheana féin, leis an 'grande' agus an bainne soighe san áireamh. Ach beidh mé i bhfad níos measa as seo amach agus mé ag iarradh caife 'fliuch' a fháil!

5 comments:

  1. MMFAG! Go sábhála ár gcaife sinn...

    ReplyDelete
  2. Bíonn “non-fat wet capppucino” ó mo chara Tom i gcónaí chez Starbucks.

    ReplyDelete
  3. "Non-fat" agus "wet"? Ba chóir dóibh gloine uisce a thabhairt dó!

    ReplyDelete
  4. B'fhéidir go bhfuil Red Bull uaidh mar sin, ach ní bheadh sé chomh deas le muffin ar maidin :)

    ReplyDelete