12.1.11

Deireadh leis an gCorn Ceo

Cuireadh deireadh le corn ceo teach solais Rinn Dúbháin inniu, an 11/1/11. Le teacht GPS agus an nua-theicneolaíocht bád sa lá atá inniu ann, níl aon ghá don chóras rabhaidh sean-fhaiseanta sin anois. Cé go mbíonn an solas le feiceáil ó mo bhaile ar íor na spéire i rith na hoíche, ní raibh an corn le cloisteáil ann. Ach tá sé léite agam ar leathanach Facebook Hook Head go n-aireoidh muintir na leithinise fuaim an choirn uathu. Deirtear gur chabhraigh sé leo dul a chodladh san oíche!



Is é teach solais Rinn Dúbháin ceann de na tithe solais is sine san Eoraip atá fós ag obair. Tosnaíodh solas - tine ar dtús - ar an suíomh thart fá 800 bliain ó shin. Dála an scéil, ní corn a bhí ann i gcónaí i gcomhair an cheo. Athraíodh ó chloig sa 19ú haois go gunna mór sa 20ú haois. Cuireadh tús leis an gcorn ceo i 1972, agus tá sé ag tútáil ann ó shin.

Beidh an corn ina thost as seo amach. Cé go mbíonn an saol ró-ghnóthach-ghlórmhar go minic, aireoidh mé an fhuaim uaim, fuaim atá fite fuaite le mo cheantar le beagnach 40 bliain anuas.

5 comments:

  1. Slán leis an mbonnán ceo.
    Ní bheidh gá leis arís go deo.

    Nó an mbeidh, am éigin sa todhchaí?

    Is cuimhin liom na bonnáin cheo i San Francisco Bay, nuair a bhí cónaí orm sa cathair sin i bhfad ó shin. Ba bhreá liom a ndord.

    ReplyDelete
  2. Ní thuigim an cumha go léir i ndiaidh na mbonnán mallaithe.
    Mallacht go deo orthu, ag teacht idir mé agus coladh na hoíche, ní aireoidh bonnán na Rinne uaimse ar chor ar bith.

    Sin ráite, mar a mhaígh seanmhairnéalach críonna ar NuachtTG4, is annamh go mbíonn GPS ag lucht na mbád bige!

    ReplyDelete
  3. Tá an saol ag seoladh chun cinn...

    ReplyDelete
  4. A Dhubhaltaigh, (admhaím nach bhfuil cónaí orm in aice le bonnán, ach...) nach bhfuil rud éigin rómánsúil ag baint leis? Cuireann sé i gcuimhne dúinn cé chomh cumhachtach is atá an nádúr. Ach fós féin, nuair a éiríonn an saol go dona, bíonn cabhair ann i gcónaí, fiú nuair nach féidir é a fheiscint. An bhfuilim ag dul thar fóir?!

    ReplyDelete
  5. a John....go drogallach...tagaim leat faoi sin. Tá rud éigin rómánsúil ag baint leo.

    ReplyDelete