7.1.11

Gráinne vs PaulinePurple

Tá cuntas Twitter Gráinne Seoige faoin spotsolas inniu de bharr 'troid' idir í féin agus duine de lucht leantóirí a cuntais. Bhí Gráinne ag twíteáil as Gaeilge lena cairde Dara Ó Briain agus Des Bishop, mar a bhíonn, ach ní raibh PurplePauline sásta leis an gcaint.

An Clamhsánaí Corcra 

Gráinne Seoige:
@daraobriain Ag feiceal fáinne geal an lae go minic, ach taisteal tharr cíonn. An ciorcal arctach, Afganastáin, An Aifric, An Ind, Leeds!!

PurplePauline:
@grainne_seoige I prefer a language I can understand. Very rude to use a minority language. Unfollowed.

Gráinne Seoige:
@PurplePauline Pauline, it is in no way rude to use the language I grew up speaking at home everyday. I wish you luck.

PurplePauline:
@grainne_seoige sorry but it is rude in a public conversation. You could DM if you don't want us to read it.

Gráinne Seoige:
@PurplePauline I reserve the right to use any language I speak, at anytime. Again, all the best

PurplePauline:
@grainne_seoige Nie będę was słuchać 
(Ní éisteoidh mé leat, as Pólainnís).

Gráinne Seoige:
@PurplePauline That's your choice, just like I have mine. Beir bua


Agus de réir mar a fheicimse óna twíteanna eile ar leathanach PurplePauline...

Muintir na hÉireann:
@PurplePauline Dún do chlab, maith an cailín.

6 comments:

  1. Ní gá duit aird a thabhairt uirthi, an gá? Mioscais nó cantal atá i gceist. Ach ar a laghad luadh Gráinne agus Gaeilge san Herald dá bharr.

    B'fhéidir gur feachtas poiblíochta atá ar bun ag an mbean corcra? Toradh!

    ReplyDelete
  2. Tuigim an méad atá ráite agat, a Aonghuis, ach cheapas go mbeadh suim ag daoine sa scéal, go háirithe daoine nach bhfuil taithí acu ar Twitter. Níor thuig mé féin, mar shampla, gur féidir le leantóir cur isteach ar chomhrá mar sin. Tá sé suimiúl an bealach ina scriosann an idirlíon an bearna idir an chumursáid phríobháideach agus phoiblí mar seo. Tá sé deacair an dá rud a aithint óna chéile.

    Agus caithim a admháil gur bhaineas sult as an 'troid' chomh maith, agus Pauline ag éirí níos corcraí de réir a chéile, bhuel i m'aigne ar aon chaoi ;)

    ReplyDelete
  3. Ó, is Sasanach í, níos spéisiúla fós. Cheap mé gur Éireannach cantalach a bhí ann...

    ReplyDelete
  4. Tá bean na Gaeilge (i bhfad) níos áille ná bean an Bhéarla. Sin bua bolscaireachta don Ghaeilge!

    ReplyDelete