22.1.11

Bliain Eile agus an Eala Dhubh

Chonaic mé dhá scannán, aréir agus anocht, a chuir i bhfeidhm go mór orm, ar bhealaí iomlán éagsúla.


Another Year, le Mike Leigh aréir, scannán Sasanach faoi ghnáth-lánúin mheánaosta agus a gcairde uaigneacha néaróiseacha.

Agus...


Black Swan, le Darren Aronofsky anocht, scéinséir Meireacánach faoi rinceoir bailé atá chomh gafa lena páirt sa bhailé Swan Lake go n-éiríonn sí as a meabhair le hamhras agus le héad.

Ní amháin go raibh an aisteoireacht thar barr sa dá scannán - thit mé i ngrá le Natalie Portman agus Mila Kunis, ní don chéad uair, cé go raibh an bheirt searbh, garbh, gránna ar thréimhsí éagsúla sa scannán - bhí Jim Broadbent agus Ruth Sheen go hiontach in Another Year, ach ní mór dom mo chéad-mholadh a thabhairt do Lesley Manville dá carachtar 'Mary', bean atá chomh míshásta lena saol nach féidir léi éirí as a huaigneas. Bhí cumhacht sa stiúrthóireacht freisin, leis an mbealach is a chur siad mothúcháin móra an tsaoil - an t-éad agus an t-uaigneas - go lán-láidir os ár gcomhair. Bhí sé deacair breathnú orthu uaireanta.

Scannáin iomlán difriúla. Another Year: mall, leamh, ciúin, deacair saol Mary a mheas. Black Swan: tapaidh, teann, galánta, deacair foréigean Natalie Portman a fheiscint. Bhí tionchar ag an dá cheann orm, conas is féidir bheith oscailte don phaisean gan a bheith gafa leis?

Sin ráite, chuala mé fear ag rá lena chéile ar an mbealach abhaile ó Black Swan: "well, that was bloody boring"!

B'fhéidir go bhfuil quarter-life crisis ar siúl agam.

Is aoibhinn liom an póstaer seo chomh maith...

2 comments:

  1. Tá go leor daoine ag labhairt faoin scannán sin, Black Swan. Táim ag súil go mór len é a fheiceáil.

    Níor chuala mé faoin gceann eile sin, a John, ach coinneoidh mé mo shúile oscailte...

    Bain sult as an 'crisis'! ASG

    ReplyDelete
  2. Dia duit, is mise NIRA SHALOM, táim amuigh anseo chun an dea-scéal seo a scaipeadh ar an domhan ar fad maidir le conas a fuair mé mo iar-ghrá ar ais. Bhí mé ag dul ar mire nuair a d’fhág mo ghrá dom cailín eile an mhí seo caite, Ach nuair a bhuailim le cara a chuireann Baba Wale da Wiseman an teachtaire mór in aithne dom, d’inis mé mo fhadhb do Baba Wale faoi mar a d’fhág mo iar-ghrá mé agus freisin. conas a bhí orm post a fháil i gcuideachta an-mhór. Ní dúirt sé liom ach go bhfuil mé tagtha go dtí an áit cheart áit a mbeidh mé ag fáil dúil mo chroí gan aon fo-iarmhairtí. Dúirt sé liom cad is gá dom a dhéanamh, Tar éis é a bheith déanta, Sna 2 lá ina dhiaidh sin, ghlaoigh mo ghrá orm ar an bhfón agus bhí sé ag rá leithscéal as cónaí orm roimh seo agus freisin sa chéad seachtain amháin tar éis do mo ghrá glaoch orm. a bheith ag pléadáil le haghaidh maithiúnais, glaodh orm chun agallaimh i mo chuideachta inmhianaithe dá mba ghá dom a bheith ag obair mar mhaoirseoir. Táim chomh sásta agus chomh mór sin go gcaithfidh mé é seo a insint don domhan ar fad faoin gcaoi a gcuidíonn Baba Wale liom mian mo chroí a dheonú. Is speisialtóir é Baba Wale ar gach cineál geasa agus dea-draíochta. Má theastaíonn uait aon chineál teagmhálaithe cabhrach, Baba Wale, ag an seoladh ríomhphoist seo a leanas: babawalewiseman01@gmail.com Whatsapp: +12544131991 Go raibh maith agat níos déanaí

    ReplyDelete