21.2.11

Bréan den síneadh fada...?

Seans maith go bhfuil an suiomh seo feicthe agat cheana fein (cruthaiodh i 2009 e), ach ni fhaca mise go dti inniu e. Nuair a chuirtear teacs gan sinti fada isteach ar chle, agus nuair a bhruitear an cnaipe, tagann an teacs ceanna anios, go draiochtuil, ar dheis le sinti fada curtha ann. Solas agus solas, ahem, sólás don te ata brean den chnaipe 'alt' a usaid.

Mar shampla...

Seans maith go bhfuil an suíomh seo feicthe agat cheana féin cruthaíodh i 2009 é , ach ní fhaca mise go dtí inniu é. Nuair a chuirtear téacs gan síntí fada isteach ar chlé, agus nuair a bhrúitear an cnaipe, tagann an téacs céanna aníos, go draíochtúil, ar dheis le síntí fada curtha ann. Solas agus solas, ahem, solas don té atá bréan den chnaipe 'alt' a úsáid.

3 comments:

  1. Tá sé rí-éasca an teanga a léamh gan na síntí fada, ar ndóigh. Ach tá siad thar a bheith tábhachtach do na tosaitheoirí. Tig linne an rogha cheart a dhéanamh idir “solas (solas)” agus “solas (sólás)” ón gcomhthéacs, nó idir “arsa” agus “ársa”, etc., ach ní hamhlaidh don a lán daoine eile.

    ReplyDelete
  2. Mar dhuine le fada ar m'ainm, ní chuireann rud ar bith isteach orm níos mó ná nuair a scríobhann duine Sinead seachas Sinéad.

    ReplyDelete
  3. Bhabha! Ní raibh a fhios agam faoin suíomh seo - maith thú, a John?

    Cé nach bhfuil aon deacracht agam leis na síntí fada a chur isteach mé féin trí 'alt' a úsáid, thug mé faoi deara go n-oibríonn an córas a lua tú le Spáinnis, freisin, rud a chuideoidh leis an bhfoghlaimeoir seo, amach anseo, b'fhéidir...;-)

    ReplyDelete