22.2.11

Céad trácht ar an bhfód

De réir na staitisticí, seo é an 100ú trácht ar mo bhlag. So, chun cineál ceiliúrtha a dhéanamh ar an ócáid, agus gan dada le rá agam ar maidin, cheap mé go mbreathnóinn siar ó mo 100ú trácht go dtí mo chéad cheann... Fadó, fadó in, ahem, 2010... agus mé lán dóchais is grá...

Céard tá foghlamtha agam ó shin? Bhuel, conas síntí fada a scríobh sa chéad dul síos. Chun an fhírinne a rá níl mo phríomh-chuspóir, mar atá sé luaite thíos, bainte amach agam - níl mórán scríofa agam faoin mBreatain Bheag í féin. Ah bhuel, idir an dá linn, bhaineas sult as bhur dtráchtanna agus bhur gcomhairle... agus ar aghaidh liom go dtí an chéad chéad eile.

Failte go Caerdydd
Taim beagnach coicis bogtha go Cardiff anois, agus is brea liom an ait. Ta go leor cosulachtai idir an Bhreatain Bheag agus Eire agus, ar ndoigh, go leor leor difriochtai. Ba mhaith liom spas a chruthu anseo chun cur sios a dheanamh ar an tir fior-Cheilteach seo agus an mead ata le foghlaim ann. Bi ag leamh. Agus bi i dteagmhail.

4 comments:

  1. "seo é an 100ú trácht ar mo bhlag"

    Go maire tú an míle.

    Cad tá fíor-Cheilteach faoin mBreatain Bheag. Níl ann ach tírín beag Angla-Mheiriceánach dála Éireann don chuid is mó.

    ReplyDelete
  2. @ 'agus ar aghaidh liom go dtí an chéad chéad eile.'

    Táim ag dúil go mór leo, a chara!

    ReplyDelete
  3. Ah, a mhíshásta, ná habair. Cuireann sé iontas orm an oiread measa atá ag mo mhic léinn ar a gcuid ceoil, litríochta agus teanga féin. Sin ráite, is sa Roinn Bhreatnaise atá siad, agus is as ceantracha iad ina labhraítear an teanga fós den chuid is mó.

    ReplyDelete
  4. GRMA, a Áine. Mol an blag óg agus tiocfaidh sé.

    ReplyDelete