11.2.11

Fógraí Mealltacha

Tá fórsa Éireannach ag teacht go Caerdydd go luath. No, ní faoin bhfoireann rugbaí atá mé ag caint... ach an Dómhnallach Dána é féin. Cuir bhur n-iníonacha faoi ghlas!

Agus fógra eile a mheall mo shúil i rith na seachtaine. Bug VW deas gorm le díol ag mo chomharsan. Ó, dá mbeadh an t-airgead agam. Chaithfinn chuile rud atá agam sa saol isteach i gcúl an veain, is thiomáinfinn díreach ar an bpointe thuas go hEilean a' Cheo, le Imelda May os ard ar an raidió... Dá rachfadh sé chomh fada sin! Ó bhuel.

Agus mé ag caint faoi fheithiclí, chonaic mé an pláta seo ar mo shráid. Taitníonn an bratach Briotánach agus an t-ainm Breizh ar an taobh dheis liom. D'oibrigh mé ar Irish Ferries uair amháin (ní raibh mórán le déanamh an uair sin i Loch Garman sa samhradh ach obair ar na ferries nó sútha talún a phiocadh) ó Ros Láir go Cherbourg... agus Roscoff, baile beag gleoite i dtuaisceart na Briotáine. B'fhéidir go bhfillfidh mé ann i mo bhug veain nuair a éirím bréan den Albain!

5 comments:

  1. nuair a éirím braon den Albain

    Tá's agam gur “bréan” an focal a bhí ar intinn agat, ach an chéad rud a chonaic mé nuair a thuirling mo shúil ar "braon" ná fuisce iomráiteach na hAlban!

    :-)

    Cén fáth Eilean a' Cheo mar cheann scríbe?

    An dtugann sibh “bug” air? “Van” a bhí againne riamh ar a leithéid, agus “bug” ar an gcarr beag.

    (Agus, ós ag beachtaíocht atá mé, chuaigh an -ach in “bratach” ar strae thuas.)

    ReplyDelete
  2. Ní fhaca mise na nithe eile sin a luaigh Dennis, a John, ó tharla Daniel mo mhealladh ag an stad bus!

    ReplyDelete
  3. "Chaithfinn chuile rud atá agam sa saol isteach i gcúl an veain..."

    Tá Tír na nÓg i gcúl an veain
    Tír álainn trína chéile
    Lucht ceithre chos ag...

    Hmmm... ?

    ReplyDelete
  4. "an Dómhnallach Dána é féin. Cuir bhur n-iníonacha faoi ghlas!"

    recte: "bhur máithreacha"

    Níl an dath ar an veain san 'cúl' in aon chor. Seo roghanna deasa dathannacha dhuit:
    http://q3-30.blogspot.com/2009/03/volkswagen-hippie-bus.html

    Bhfuil cuileachta uait i gcomhair an róid fhada. Ach in ionaid Oileán an Cheo b'fhearr liom oileán gréine éigin ar an Muir Aeigéach. Agus BB King ar an seinnteoir.
    http://www.youtube.com/watch?v=lqAuuIDU2sw&feature=related

    Tá Gary Moore ar an ngearrthóg úd, Beannacht Cé lena anam.

    ReplyDelete
  5. @ Dennis: Tá an ceart agat, Bhíos ag úsáid 'bug' mar théarma ginearálta ar an VW, ach 'sé an Beetle amháin é. Bug = Beetle. Duhh.

    ASG @ Áine. Cheap mé go dtaitneodh an pictiúr leat :)

    @ ormondo: Faraor, ní bheadh mórán i gcúl an veain. M'fheadóg, m'fhidil, roinnt éadaí agus carn mór altanna ón ollscoil nach bhfuil léite agam fós.

    @ Míshásta: Sásta dath an veain a athrú (is maith liom an ceann bláthúil), BREÁ sásta BB a chur ar an raidió, ach tá brón orm, ní bheidh mé ag dul ó dheas. Sure, bheadh muid bréan den ghrian i ndiaidh seachtaine.

    ReplyDelete