3.2.11

Boilsciú bia, mo thóin.

Deirtear go bhfuil praghas an bhia níos airde anois ná mar a bhí riamh.

Bhuel, má tá, níl sé cloiste ag IKEA.

Tá an bricfeasta seo thíos le fáil ann ar phraghas 99p, le cárta Family (ní gá duit 'family' a bheith agat, buíochas le Dia). Le do rogha tae nó caife leis, saor in aisce. (Bhí orm £1.50 a íoc as an sú oráiste).



Anois, bím amhrasach go hiondúil roimh bhia atá shaor, i mo thuairimse. Ní mheallann a leithéid de bhfógraí "Pie and a Pint, £4.99" mé, a bhíonn le feiceáil go minic os comhair na dtábhairní timpeall na cathrach. Má tá luach £4.99 ar an dinnéar agus an deoch, níl ann ach salachar agus salann, a deirim liom féin. Ach uaireanta bíonn ort a leithéid d'IKEA a thriáil, agus tú i do mhac léinn, an dtuigeann tú? So, seo é mo léirmheas ar an mbricfeasta 99p.

Bágún: go deas, gan a bheith róthirim/róghoirt. 8/10
Íspín: leis an iomarca saille ann, agus gan bhlas deas na n-ispíní Éireannacha. 3/10
Hash brown: go deas, tirim, blasta, éadrom. 8/10
Pónairí: beagáinín crua, ní thaitníonn pónairí leis an mbricfeasta liom. 2/10
Ubh: bán, gan bhlas ar bith. 1/10
Tráta: crua, searbh. 2/10
Tae: Earl Grey, go hálainn blasta, agus saor in aisce. 10/10

Marc iomlán: 5/10

8 comments:

  1. Níor aithin mé an tráta ar chor ar bith (pastae Lochlannach??) go dtí gur léigh mé an cárta scórála!

    ReplyDelete
  2. Bia de chuid na n-oileáin seo seachas Lochlannach sin thuas. (Seachnaím na pónairí i gcónaí, agus is minic an tráta scriosta)

    Is maith liomsa na meallta feola a bhíonn ar fáil ag IKEA.

    ReplyDelete
  3. An muc bhocht!

    Agus, ní tusa atá i gceist agam, a John...:-)

    ReplyDelete
  4. Ná Dennis, ná Aonghus!

    Ar fhaitíos aon mhíthuiscint, an dtuigeann tú...

    ReplyDelete
  5. Hmm. Má leanann tú ort beidh orm an seanfhocal úd maidir le mná agus muca a úsáid. As Mucinis muid, tar éis an tsaoil.

    An t-ochtmhadh hainm, Muicinis; agus is iad Clanna Mhíleadh tug an t-ainm sin uirre, sul rangadar i dtír innte. Mar tángadar, iomorro, go bun Innbheir Sláinghe, d'á ngairthear cuan Locha-garman indiu, tionólaid Tuatha Dé Danann go n-a ndraoithibh 'na gcoinne ann, agus imrid
    draoidheacht orra, ionnus ná'r léir dhóibh an t-oiléan acht ar chosmhaileas muice, gonadh uime sin tugadar Muicinis for Éirinn.

    ReplyDelete
  6. Ní raibh mé in IKEA ach uair amháin. Tá an ceann is giorra dúinn suite i bhfad i gcéin sna bruachbhailte, leath bealaigh idir Seattle agus Tacoma. Is cuimhin liom gur ith mé bradán deataithe agus sailéad a raibh blas “Lochlannach” air, a bheag nó a mhór, nuair a bhí mé ann. Feicim anois, ón suíomh atá acu, go bhfuil beagnach an bricfeasta céanna ar fáil anseo ar 99¢ (níos lú ná 99P !): uibheacha scrofa, bagún, agus “prátaí Sualannacha”. Níl a fhios agam an bhfuil caife / tae san áireamh. B'fhéidir nach bhfuil.

    ReplyDelete
  7. Is trua nach bhfuil "pancóga Shualannacha" san áireamh, a Dennis.

    An bhfuil putóg le fáil in IKEA Bhaile Munna, a Aonghuis?

    B'fhéidir go dtosnóidh mé sraith nua léirmheastóireachta ar na "bialanna" is saoire. Lón Morrissons, gan mhoill... Agus ceapairí Greggs ina dhiaidh...

    ReplyDelete
  8. B'fhéidir go dtosnóidh mé sraith nua léirmheastóireachta ar na "bialanna" is saoire.

    Maith an smaoineamh!

    ReplyDelete