20.2.11

An Rí, na clóin, is na buachaillí bó

Roinnt scannáin maithe eile feicthe agam an tseachtain seo, agus cuid mhór de liosta na hOscars don scannán is fearr feicthe agam faoin tráth seo.

An tseachtain seo...

The King's Speech, scéal snagach Seoirse a Sé, Sasana, agus é ag streachailt le hóráidí, agus a theaghlach, le tús a réimis agus teacht an Dara Chogadh Domhanda. Ainmniúcháin faighte ag Colin Firth, Geoffrey Rush agus Helena Bonham Carter dá n-aisteoireacht, agus iad tuillte go maith acu gan amhras. Thaitin an scéal go mór liom, cé nár cheapas go mbeadh suim dá laghad agam ann, ach ní rabhas chomh tógtha leis an scannán agus a bhí lucht léirmheastóireachta Rotten Tomatoes (95%!!!). Mo thuairim: 7/10.


Never Let Me Go... óóó, thaitin an ceann seo go mór mór liom, cé gur ábhar deacair atá ann - saol triúir clón óga, nach bhfuil ar an domhan ach le horgáin a tháirgeadh dá "n-úinéirí". Bhí an leabhar léite agam blianta ó shin (is aoibhinn liom stíl liteartha Kazuo Ishiguro, a scríobh The Remains of the Day freisin), so bhí suim mór agam sa scannán roimhré, agus in ainneoin na ndaoine a d'fhág an scannán leath-bhealach tríd - beagnach leath na pictiúrlainne - bhí tionchar mór aige orm. Is softie amach is amach mé le déanaí. Bhí Carey Mulligan thar barr - réalt mór amach anseo, táim cinnte, agus níor chuir pout Kiera Knightley isteach orm, rómhór. Níl tóir mór ar an gceann seo ar Rotten Tomatoes (68%). Mo thuairim: 9/10.

True Grit, an scannán is déanaí ó na Coen Brothers, agus athléiriú ar an úrscéal atá suite sa Wild West. Léirmheas mo charad air: "astonishing, it's entered my top ten movies ever". Ní dóigh liom go bhfuil sé im' top ten na bliana seo! Thaitin an cineamatagrafaíocht go mór liom, agus bhí Jeff Bridges iontach iontach maith, ach ag deireadh an scannáin ba chuma liom sa tsioc cé a bhí marbh agus cé a bhí beo. Gan dabht, bhainfeadh m'athair an-sult as an gceann seo, agus é sáite leis an scáileán aon uair a chraolaíonn TG4 sean-scannáin Clint Eastwood (agus craolaítear go minic iad!). 95% eile ag Rotten Tomatoes. Mo thuairim: 7/10.

Na roghanna is fearr liom as ainmniúcháin Oscair don scannán is fearr 2011: The Kids are All Right, The Black Swan, Toy Story 3. (Níl ainmniúchán ag Never Let Me Go). Hmmmm, seachas Toy Story 3, scannáin le mná láidre sa phríomh-róil. Caithim a rá gur thaitin Inception go mór liom freisin.

5 comments:

  1. Tá mé díreach tar éis True Grit a chloisteáil mar chlosleabhar. (Rinne Donna Tartt an-jab á léamh!) Thaitin sé go mór liom. Tá sé ar intinn agam an scannán a fheiceáil tráthnóna inniu. Beidh mé ar ais le mo bharúil air!

    ReplyDelete
  2. Bain sult as. Tá súil agam nach rabhas ródhian air le mo léirmheas!

    ReplyDelete
  3. Chonac 'True Grit' an oíche cheana, bhí sé an-mhaith dar liom. Scéalta éagsúla faoi 'Never Let Me Go' ach iad maith ar an mórgóir! Thaitin an leabhar go mór liom.

    ReplyDelete
  4. Bhí an scannán, True Grit, go maith, ach bhí an leabhar i bhfad níos fearr. Ó bhuel, mar sin a bhíonn sé i gcónaí, nach ea?

    ReplyDelete
  5. Sea, go deimhin. The Shipping News, mar shampla: leabhar den chéad scoth + aisteoirí i mbarr a réime (Dench, Moore, Spacey) = scannán díomách leadránach.

    ReplyDelete