25.10.11

Ar an bhFrontline


Bhabha, an bhfaca sibh an, ehm, díospóireacht anocht?

Bhí sé spleodrach, splancach.

Is léir go raibh an lucht féachana (agus na hiarrthóirí/iomaitheoirí eile) ag iarraidh brú a chur ar Seán Gallagher ón tús. Theip air go hiomlán le ceist an airgid sin a tugadh dó ar son Fhianna Fáil. Ar dtús, dúirt sé nach raibh aon recollection aige ar an scéal, faoi dheireadh d'admhaigh sé go bhfuair sé envelope áirithe. Sean-chaint na sean-chronies. Dá gcloisfeá an lucht féachana i ndiaidh an admhála sin!

Agus rantáil Gay Mitchell ag an deireadh? An fear bocht. Chun an fhírinne a rá, bhí an ceart aige. Ní raibh baint dá laghad ag cuid mhaith ceisteanna ar an Uachtarántacht, ach d'fhéadfadh sé é a léiriú ar bhealach níos, bhuel, Uachtaránaí.

Beidh mé ag filleadh abhaile don toghchán, agus cé nach bhfuil mo rogha athraithe le trí seachtain anuas, caithim a rá ag an bpointe seo go mbeadh gach aon cheann acu oiriúnach don phost, i mo thuairim. Bhuel, táim sásta nach ndéanfaidís aon dochar, ar aon chaoi. Th'éis na díospóireachtaí, na ráflaí agus na scannail ar fad, tá trua agam don seacht n-iarrthóir le bheith fírinneach.

Dála an scéil, bhí an lucht túíteála iontach suimiúil agus greannmhar le linn an chláir, agus deas a fheiscint go raibh cúpla Gaeilgeoir ag túíteáil leis.

4 comments:

  1. go mbeadh gach aon cheann acu oiriúnach don phost ... nach ndéanfaidís aon dochar, ar aon chaoi.

    Sin “damning with faint praise” má chuala mé riamh é! Dála an scéil, bhí dhá ainm air sin sa tSean-Ghaeilge:

    1) “tamall molta” .i. giota beag molta

    2) “molad co ndath aíre” .i. moladh le dath na haoire

    ReplyDelete
  2. Ha, tá an ceart agat! Faraor, níl ach tamall molta tuillte ag cuid acu.

    ReplyDelete
  3. Ní raibh mé in ann mo shúile a bhaint den scáileán, a John, bhí an oiread sin ag tarlú, an oiread sin le cloisteáil - bíodh sé fíor nó ná bíodh..;-)

    Maidir le Gallagher, tá a mature recollection féin, ó shin, rud beag trína chéile, feictear dom!

    ReplyDelete
  4. An fíor go bhfuil Gallagher chun tosaigh ar chách?!?

    ReplyDelete