13.10.11

An €ala

Agus mé amuigh ag rith níos luaithe, chonaic mé an radharc aoibhinn seo tharam. Sea, athcruthaíodh euro na Fionlainne in oirdheisceart na Breataine Bige anocht.

Bhuel, ní raibh sé díreach mar an gcéanna leis an mbonn thuas, an dtuigeann tú.

In áit dhá eala, ní raibh ann ach aon éan aonarach amháin. Agus in áit a bheith lán de ghrásta, is cosúil go raibh m'eala lán go béal, mar scaoil sé uaidh, má thuigeann tú mé, agus é ag dul trasna. Thuirling an t-ualach bréan anuas ar charrchlós Toys 'R' Us, a bhí follamh, buíochas le Dia. Sea, ní in áit fhiáin sléibhte a bhí mé ag rith, ach tríd an bpáirc siopadóireachta áitiúil atá, ar a laghad, cois cuain.

Ach in ainneoin na dteipeanna ar fad, chuir m'eala bhocht gliondar ar mo chroí.

Moladh go deo le h'eala, mar a deireann na moslamaigh.

3 comments:

  1. Tá an bonn úd ana dheas.

    Agus an scéilín deas freisin (& eireaball chliste leis)

    ReplyDelete
  2. Go deas, agus tá ceist agam ort.

    Cén t-ainm atá ag an áit a raibh tú ag rith, Ins'Eala?

    ReplyDelete
  3. ASG @ Ins'Eala? Caithfidh go bhfuil a leithéid in Éirinn áit éigin!

    ReplyDelete