4.10.11

Tobairíní Gharomna


Chríochnaigh mé an leabhar Connemara: A Little Gaelic Kingdom aréir, an chuid deireanach de tríológ le Tim Robinson (thuas), a chlúdaíonn ceantar Gaeltachta an réigiúin an uair seo. Molaim go hard an seod litríochta seo - tosnóidh mé ar uimhir a haon den tríológ Connemara: Listening to the Wind inniu. Bhíos faoi dhraíocht a scríbhneoireachta ó thús deiridh - stíl a chruthaigh finscéal eipiciúil as tírdhreach, logainmneacha, foirgnimh, stair, clocha, dánta, amhráin, ráflaí agus seanchas an cheantair. Is as Yorkshire do Tim ó dhúchas ach tá sé ag cur faoi in iarthar na hÉireann ó na 70aidí ar aghaidh. Tá dlúth-thuiscint aige ar nádúr, stair, teangeolaíocht agus geolaíocht na tíre seo, ach is féidir leis scéal a insint go simplí soiléir (seachas an chaibidil faoi fractals, b'fhéidir) le rithim agus rím ina litríocht.

Is léir ón leabhar nach bhfuil aithne ar bith agam ar Chonamara, cé gur oibrigh mé ann ar feadh bliana go leith, agus tá dúil mhór agam filleadh ar an gceantar agus an áit a athfhionnadh trí shúile an údair. Cuir i gcás na sainchomharthaí geolaíochta suntasacha ar Gharomna agus na hoileáin siar uaidh, atá mairceáilte agam ar léarscáil anseo ón bhfianaise sa leabhar agus ó léarscáil den réigiúin a chruthaigh Tim siar sna h80aidí.


Ó chlé:

(1) Tobairín, 'coiscéimeanna' agus 'bóthar' an naoimh ar oileán Ghólaim:

"a five-foot-wide exposure of pale porphyry running like a fantastically pyramid-paved path or a miraculously frozen wake across a choppy sea of blackish rock, heading south-south-westwards towards the horizon-hugging profile of the Aran Islands"

(2) 'Bóthar' an naoimh ar oileán Daighinis:

"a dyke of blackish rock cutting westwards through the blonde granite of the shore"

Agus níos suntasaí fós:

(3) Tobairín an Átha Leacaigh, (4) Tobairín Ghleann an Uisce, agus (5) Tobairín Naoimh Anna atá gearrtha sa chloch i lár oileán Gharomna i gcruth Δ:

"that the simple triangle has such weight in this elemental landscape serves to remind me that one can tire of Mandelbrot's fractal epiphanies with their eternal spirals winding into eternity"

(6) Tobairín 'P' gearrtha i gcruth P i gcarraig bholcánach an chósta:

"one could imagine, some follower of St Patrick had paused on his way to the pilgrims' church and embarkation for holy Aran, had bent his head and looked at this pool, and by the intensity of his interpretive attention made a nowhere into a place for ever more"

7 comments:

  1. An leabhar sin ar mo liosta agam le tamall. Ceann acu léite agam agus freisin ceann a d'aistrigh Liam Mac Con Iomaire maidir le logainmneacha - Camchuairt Conamara Theas.

    ReplyDelete
  2. Uh-oh, beidh orm an ceann sin a cheannach anois! GRMA as an nod.

    Caithim a admháil nár cheap mé go mbainfinn sult as an leabhar ar dtús, go mbeadh sé, b'fhéidir, ró- 'thirim' mar a déarfá. Ach 'sé stíl an údair a chuireanns beocht sa scéal.

    PS Rinne mé fotachóip dá léarscáil "Connemara: A One-Inch Map, with Introduction and Gazetteer" sa leabharlann agus choinnigh mé leathshúil air agus mé ag léamh. Tá léarscáil bheag ag tús an leabhair, ach níl go leor eolais le fáil ann.

    ReplyDelete
  3. Tá á léarscáil d'Árainn & Conamara agam ó na 1980í..

    Máistir stíle é cinnte.

    ReplyDelete
  4. Máistir stíle gan amhras. Buíochas le Dia go bhfuil duine ann ag bailiú eolais, scéalta agus ainmneacha go saineolach mar sin. Ba bhreá liom léarscáiliú de shaghas éigin a dhéanamh ar shainchomharthaí mo cheantair féin, ach conas a thosnóinn é?!

    ReplyDelete
  5. @ "made a nowhere into a place for ever more"

    Nach bhfuil an líne sin go hálainn ar fad!

    Go raibh maith agat, a John, gan de locht agam ar do thuairisc ach gur fhág tú m'oileáinín beag féin as an léarscáil thuas!

    Leabhair eile le cur le mo liosta..:-)

    ReplyDelete
  6. Faraor, níl mórán scríofa aige faoi Eanach Mheáin, a Áine, i gcodarsnacht leis na hoileáin eile, fiú Inis Treabhair. Níl ach leathanach go leith nó mar sin sa leabhar faoi.

    An bhfaca tú Stephen Fry's Planet Word oíche Domhnaigh ar BBC 1? Labhair sé le Gaeilgeoirí Chonamara ar chúrsa gailf an oileáin.

    DAS, thabharfainn an leabhar duit ag an Oireachtas ach ní dóigh liom go mbeinn ábalta freastal air i mbliana de bharr bainise an deireadh seachtaine sin :( Seans go rachaidh mé ann i lár na seachtaine. An mbeidh tú ann ansin?

    ReplyDelete
  7. Go deimhin, beidh mé ann, ón Déardaoin go dtí an Domhnach. Ba dheas bualadh leat arís, má éiríonn leat bheith ann..:-)

    Ná bí buartha faoin leabhar - beidh cóip agam, am éigin, nó beidh cóip ag mo dheirfiúr, mura bhfuil ceann aici cheana. Go raibh maith agat as an tairiscint, a John.

    ReplyDelete