10.10.11

Idir Éirinn agus an Bhreatain Bheag

Thaitin an sean-phostaer seo liom le gairid ón mblag Strange Maps (ceann dos na blaganna is fearr liom), ina gcruthaíodh íomhá do mhac tíre as léarscáil d'Éirinn agus an Bhreatain.



An bhfeiceann tú é? Is dócha nach mac tíre é ar chor ar bith, ach mac farraige suite idir Éirinn agus an Bhreatain Bheag, agus ag déanamh i dtreo Londain gan dabht. Cheapas gur bealach an-éifeachtach é margaíocht a dhéanamh ar an scannán agus íomhá uafáis a chruthú go simplí.

2 comments:

  1. An Cat Mara, ina steillbheatha! (Is cuimhin liom an scannán sin! Bhí sé an-mhaith, fíor-scanrúil.)

    ReplyDelete